Príomhchuideachta seirbhísí tástála, iniúchta, bronnadh teastas agus teicneolaíochta is ea Applus+ agus an chéad chuideachta ilnáisiúnta ón Spáinn san earnáil bronnadh teastas. Tá sé mar phríomhchuspóir againn a bheith inár bpointe cóimheasa don ghnó bronnadh teastas ar fud an domhain. Dá bhrí sin, forbraímid agus cruthaímid caighdeáin nua, le cabhair ónár saineolaithe gairmiúla, agus trí theicneolaíocht úrscothach a úsáid.

Sidebar image description

Príomhoibreoir iniúchta feithiclí is ea Applus+ a dhéanann níos mó ná 17 milliún iniúchadh in aghaidh na bliana sa Spáinn, san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus i Meiriceá Laidineach.

Tá níos mó ná 2,000 duine ag obair do Applus+ san earnáil iniúchta i láthair na huaire, tá an chuideachta ag oibriú ar 5 mhór-roinn agus tá seirbhísí á soláthar aici i mbreis agus 25 earnáil.

Tá an NCTS á hoibriú ag Applus+ ar son an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre agus tá an chuideachta tiomanta do na caighdeáin seirbhíse do chustaiméirí is airde a sholáthar. Is í Applus+ Car Testing Service Teo. amháin a sholáthraíonn an tseirbhís seo ar fud na tíre. Tá sí neamhspleách go hiomlán ón mhótarthionscal agus ní ghlacann sí páirt i ngníomhaíochtaí garáiste seirbhíse agus deisithe. Nuair a dhéanann an NCTS de chuid Applus+ iniúchadh ar do fheithicil, gheobhaidh tú seirbhís chóir, aonfhoirmeach agus neamhchlaonta.