• Cuir in áirithe do NCT ar líne agus faigheann thú dearbhán bronntanais do sos óstán in Éirinn

    Custaiméirí a cuireann in áirithe  an NCT ar líne faigheann siad dearbhán le haghaidh fanacht i só -óstán 3* nó 4 *ar fud na tíre,  2 B & B agus 1 dinnéar do € 98 .Chomh maith leis sin  is féidir leat  usaid a bhaint as an tríú oíche SAOR IN AISCE nuair a théann tú lár na seachtaine,  Tá páistí faoi 10 saor in aisce nuair a chomhroinnt seomra le daoine fásta, faoi réir pholasaí óstáin agus infhaighteacht.

    Gheobhaidh tú do chód bolscaireachta I do email deimhnithe áirithe.

  • Tá riachtanais anois ann go tugann an duine aitheantais ar ard le haghaidh  an NCT

    Ó 1ú lá Bealtaine 2012, má theipeann ort an aitheantais ábhartha a thabhairt ar aird ni gheobhaidh thú teastas NCT ag am an tástála.

  • Oscail an T-Aire Ciarán Cannon TD an NCTS go h-oiffigiúl i Béal Átha na Slua.

    Oscail Applus Car Testing Service Ltd a Ionad Seirbhís Tastála Náisiúnta Nua i mBéal Átha na Slua ar an Déardaoin 9 Feabhra, 2012. Oscail an t-Aire Traenála agus Scileanna Ciarán Cannon TD go hoifigiúil an t-ionad, a thugann an lion iomlán na h-ionad NCTS na tíre go 47 ionaid. Ina theannta sin beidh Applus car testing Services Ltd á chruthú 7 post breise leis oscailt an ionaid nua i  Béal Átha na Slua.

    Suite i gceantar Pollboy i mBéal Átha na Slua, Gaillimh , tá an ionaid NCTS seo an triú ionad i reigiún na Gaillimhe agus beidh se ag freastail ar daoine ó Bhéal Átha na Slua, Port Omna agus Baile Locha Riach agus ceanntair freisin de Ros Comáin Theas. Beidh an ionad nua seo le 2 lána in ann os cionn 25,000 feithiclí a inniúcadh nuair atá se i bhfeidhm go h-iomlán.

    Cliceáil anseo chun féachaint ar grianghraif ón oscailt oiffigiúil seo.

  • Ardú ar praghas an NCT

    Custaiméirí le do thoil bíodh eolas agat - ón 1ú Feabhra 2012 beidh an costas NCT iomlán á mhéadu go €55.00, tá an praghas ath-teist mar an gcéanna ag €28.00.

  • Nuashonrú Míreanna tástála NCT 1ú Eanair 2012

    Tá na hathruithe ar na tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla faoi sainordú an Treoir 2010/48/EU. Is é aidhm an Treoir seo a chomhchuibhiú na réimis tástáil don “Ballstáit” agus don chéad uair a liostáil modhanna tástála agus na cúiseanna le theip do gach mír. Tá cuid de na míreanna tástála san NCT taréis a bheith aithraithe chun cloí le riachtanais an Treoir. Tá na hathruithe seo i bhfeidhm ó 1ú Eanáir 2012. Féach ar an liosta iomlán de na hathruithe san Lámhleabhar Tástálaithe NCT agus tá cóip athbhreithnithe den lámhleabhar NCT ar fáil chun íoslóidáil.

  • Níl an NCTS ag ghlacadh seiceanna a thuilleadh.

    Tabhair faoi deara ón 1ú Lá d’Eanair 2012 ,ní  beidh an NCTS ag glacadh seiceanna a thuilleadh in aon cheann de na h-ionad tástála. Cliceáil anseo le haghaidh thuilleadh eolas a fháil ar na mhodhanna íocaíochta eile.

  • NCT Bhliantúil do caranna 10 bhlian d'aois agus níos sinne ag tosnú 1 ú Meitheamh 2011, ciallaíonn sé seo gach car i lathair le haghaigh a 10 ú comóradh no NCT ina dhiaidh shin ar nó tareis an 1ú meitheamh 2011 gheoibhaidh deibhniú a beidh bailí suas ar feadh bhliain amháin .

    Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas a d'fhéadfadh difear do feithicle ansin cliceáil anseo
  • Ceapadh NCTS ag na Coimisinéirí Ioncaim chun Iniúchtaí CCF a dhéanamh

    Ó 1 Meán Fómhair 2010 ar aghaidh, ní bheas ábalta feithicil a thugtar isteach sa Stát a chlárú a thuilleadh ag Oifig Cláraithe Feithiclí na gCoimisinéirí Ioncaim. Ní foláir an fheithicil a thabhairt anois go dtí ceann amháin de na 22 ionad NCTS ainmnithe.

    Duine a theastaíonn uaidh nó uaithi feithicil a chlárú, beidh air nó uirthi coinne a dhéanamh le hoifig NCTS. Is féidir coinne a dhéanamh trí roinnt mhodhanna difriúla, lena n-áirítear ar líne, tríd an teileafón ar 1890 927 787 nó tríd an bpost. De bharr na n-athruithe nua seo beidh seacht lá acu siúd a thugann gluaisteáin isteach sa Stát chun coinne a chur in áirithe agus 30 lá chun an próiseas cláraithe a thabhairt i gcrích (i gcomórtas le 24 huaire faoi na rialacháin atá ann i láthair na huaire).

    Is féidir tuilleadh eolais ar na hathruithe nua a aimsiú ar an leathanach CCF againn atá tiomnaithe go speisialta don tseirbhís seo

    ___________________________________________________________________

    Osclaíodh Ionad NCT na nGlaschnoc go hoifigiúil
    Osclaíodh an tIonad nua NCT sna Glaschnoic, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, go hoifigiúil ag an Aire Iompair, an tUasal Nollaig Ó Díomasaigh T.D. - tá 46 ionad NCTS ar fud na tíre anois. Is é ionad na nGlaschnoc, atá comhdhéanta de 5 lána, an ceathrú ionad tástála i Réigiún Bhaile Átha Cliath, agus fónfaidh sé do dhaoine ó Dheisceart Bhaile Átha Cliath, Iarthar Chill Mhantáin agus Tuaisceart Chill Dara. Cliceáil anseo chun amharc ar roinnt grianghraf den ócáid oifigiúil seo.

  • ___________________________________________________________________

    D’fhógair an tAire chomh maith  ar na  haithruithe nua san NCT a fholaíonn an cigireacht bliantúil d’ fheithcilí  de 10 bliana d’aois agus níos sine

  • Comhartha "e" ar na Boinn
    Taispeánann comhartha "e" go gcomhlíontar an t-íoschaighdeán comhaontaithe maidir le toisí, ualach agus luasrátáil an bhoinn. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil agus chun a fháil amach cén fáth go bhfuil sé tábhachtach boinn le comharthaí "e" a bheith agat.

  • Le héifeacht ó 1 Aibreán 2010 ar aghaidh, cuirfear 7 mír eile leis an Tástáil Náisiúnta Carranna.
    Cliceáil anseo chun amharc ar liosta iomlán de na príomhathruithe.

  • Is féidir an Lámhleabhar nua athcheartaithe NCT 2010 a íoslódáil anseo anois.

  • Ó 1 Eanáir 2010 ar aghaidh, agus an fheithicil á thabhairt isteach chun iniúchadh a dhéanamh uirthi, cuirfear de cheangal ar úinéir na feithicle/ar an duine a thugann an fheithicil isteach, foirm aitheantais (Ceadúnas Tiomána nó Pas amháin) a thabhairt leis nó léi go dtí an tIonad Tástála.

  • Stopfaidh an tseirbhís ceadúnaithe do bheagfheithiclí seirbhíse poiblí (SPSV) de bheith ag oibriú ó ionaid NCT ó 23 Nollaig 2009 ar aghaidh. Ó 4 Eanáir 2010 ar aghaidh, aistreoidh an tseirbhís seo go dtí líonra nua de 37 Ionad Réigiúnach á oibriú ag SGS Ireland ar son an choimisiúin. Seolfar mionsonraí ar na hionaid seo go dtí gach sealbhóir ceadúnais roimh an dáta athnuachana aige nó aici. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt le do thoil ar http://spsvlicensing2010.taxiregulator.ie

  • An raibh a fhios agat go bhféadfá cúig phointe pionóis a fháil ó 1 Bealtaine 2009 ar aghaidh, i dteannta le fíneáil ar bith i leith ciontaithe Cúirte, dá mbeadh carr gan NCT bhailí á thiomáint agat. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an NCT agus pointí pionóis, féach le do thoil ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre nó ar Pointí Pionóis.

  • Torthaí Tástála NCT: Is féidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna pasrátaí/rátaí teipthe nuashonraithe NCT a sholáthar in aghaidh na míosa anois, agus torthaí do thástálacha agus atástálacha iomlána don bhliain go dáta. Léigh a thuilleadh >>