Tá meas ag Applus+ Car Testing Service Teoranta ("NCTS" nó "muid") agus ag a cuideachtaí comhlachaithe ar do cheart chun príobháideachta maidir le d'idirghníomhaíochtaí leis an suíomh gréasáin seo agus cosnaítear an ceart seo. Pléitear le haon eolas a thugann tú don NCTS, tríd an suíomh gréasáin seo nó trí bhealach eile, de réir théarmaí na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 agus/nó reachtaíochta leasaithe nó athsholáthair dá samhail a nglacfar léi in Éirinn ó am go ham. Ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfaí dhá leibhéal ginearálta eolais a choimeád gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin. Tá an chéad leibhéal comhdhéanta d'eolas staitistiúil agus eolas anailíseach eile, a bhailítear ar bhonn comhiomlán, nach mbaineann le duine ar leith, ar na brabhsálaithe go léir a thugann cuairt ar an suíomh. Tá an dara leibhéal comhdhéanta d'eolas pearsanta nó eolas a bhaineann le cuairteoir ar leith a sholáthraíonn an t-eolas sin go feasach.
Soláthraíonn an t-eolas staitistiúil agus anailíseach eolas ginearálta dúinn, nach mbaineann le duine ar leith, ar líon na ndaoine a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin seo; líon na ndaoine a fhilleann ar an suíomh; na leathanaigh ar a dtugann siad cuairt; an áit ina raibh siad sular tháinig siad go dtí an suíomh agus an leathanach as a d'fhág siad an suíomh. Cabhraíonn an t-eolas seo linn monatóireacht a dhéanamh ar thrácht an tsuímh ghréasáin ionas go bhféadfaimid cumas agus éifeachtúlacht an tsuímh a bhainistiú. Is féidir an t-eolas agus na sonraí neamhphearsanta seo a bhailiú trí ghnáthoibriú freastalaithe agus logaí idirlíon, chomh maith le "fianáin”.
Is comhaid téacs bheaga iad fianáin a úsáidtear ar shuíomh gréasáin chun cuairteoirí a aithint a fhilleann ar an suíomh, ionas go mbeadh sé níos éasca dóibh leanúint ar aghaidh agus an suíomh a rochtain agus a úsáid. Úsáidtear fianáin ar shuímh ghréasáin chun socruithe úsáideora an chuairteora a stóráil agus, dá bhrí sin, tá an chuid is mó de bhrabhsálaithe cumraithe ó thosach chun glacadh le fianáin. De ghnáth, is é atá i gceist i bhfianáin ná uimhir uathúil a thabhairt don chuairteoir. Ba chóir go mbeadh a fhios agat nach féidir leis an NCTS fianáin nó an t-eolas dá dtoradh sin a rialú, a úsáideann tríú páirtithe eile, mar fhógróirí nó páirtithe a óstálann sonraí don NCTS. Slí shimplí amháin chun cosc a chur ar úsáid fianán ná an tsaoráid a ghníomhachtú atá ar fáil sa chuid is mó de bhrabhsálaithe gréasáin, a chuireann ar chumas úsáideora glacadh le fianáin nó diúltú dóibh. Ba chóir duit a thuiscint go cruinn, áfach, go bhféadfadh fianáin áirithe a bheith riachtanach chun gnéithe áirithe a sholáthar duit, mar eolas áirithe saincheaptha.
Agus an suíomh gréasáin seo á úsáid agat, d'fhéadfá seans a bheith agat eolas fút féin a chur chugainn, mar shampla tríd an leathanach "Teagmháil", trí NCT a chur in áirithe ar líne nó trí ríomhphoist a chur chugainn. Má dhéanann tú na rudaí seo, gheobhaimid leibhéal áirithe eolais phearsanta uait. Ní úsáidfidh an NCTS an t-eolas seo ach amháin chun na críocha sin dár bailíodh é nó chun críocha fíoraithe agus anailíse staitistiúla. Úsáidimid teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán ("SSL"). Más féidir SSL a úsáid le do bhrabhsálaí, cosnófar do shonraí pearsanta trí chriptiú agus iad á dtarchur. Stóráiltear sonraí cártaí creidmheasa agus cártaí dochair i bhfoirm chriptithe, ar mhaithe le slándáil bhreise.
Más mian leat NCT a chur in áirithe ar líne, iarrfaimid ort cláruimhir na feithicle agus an dáta ar cláraíodh an fheithicil don chéad uair a chur ar fáil dúinn. Úsáidfimid an t-eolas seo chun cros-tagairt a dhéanamh do bhunachar sonraí na bhfeithiclí agus na n-úinéirí a nglactar leis ón Aonad Cláraithe Feithiclí de chuid an Roinn Iompair, agus mar thoradh ar seo, cuirfimid an t-eolas a thugann tú dúinn i gcomhchoibhneas le d'ainm, seoladh agus eolas eile.
Úsáidimid d'eolas pearsanta chun aithne a chur ort mar chustaiméir, chun d'áirithint a phróiseáil agus chun eolas ábhartha a thabhairt duit maidir leis an NCT.
Admhaíonn tú agus aontaíonn tú freisin go mb'fhéidir go gcuirfí iallach orainn i gcúinsí áirithe chun d'eolas pearsanta a nochtadh do thríú páirtithe, mar shampla, chun cloí le haon cheanglais dlí nó le haon phróiseas dlíthiúil, agus chun cearta maoine an NCTS, agus/nó ár gcustaiméirí a chosaint.
Ba chóir go mbeadh a fhios agat freisin nuair a nascann tú le suíomh gréasáin eile ón suíomh gréasáin seo, nach bhfuil aon smacht ag an NCTS ar an suíomh gréasáin eile sin. Mar sin de, ní féidir leis an NCTS a ráthú go mbeidh an meas céanna ag rialaitheoir an tsuímh ghréasáin sin ar do phríobháideachas agus atá ag an NCTS.
Tá sé de cheart agat cóip den eolas á choimeád againn fút a iarraidh (d'fhéadfaí táille bheag a ghearradh ort don eolas seo) agus míchruinnis san eolas sin a cheartú. Cé go bhfaightear an t-eolas seo ón Aonad Cláraithe Feithiclí de chuid an Roinn Iompair, áfach, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an aonad seo sa tSionainn, Contae an Chláir, chun a chinntiú go gcoimeádtar an t-eolas ceart ann atá cothrom le dáta.
NCTS, a stiúrthóirí, fostaithe, seirbhísigh agus gníomhairí, comhghleacaithe nó ionadaithe eile agus a máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí, ní bheidh siad faoi dhliteanas i leith éileamh, éigeandálaí, cúiseanna caingne, damáistí, caillteanas, costas, lena n-áirítear, ach ní hiad amháin a áirítear, táillí réasúnacha aturnae agus costais imeachtaí, a eascraíonn as nó a bhaineann le heolas pearsanta fút a úsáid agus/nó a scaipeadh de réir an bheartas príobháideachais seo agus do thoilithe.
Coimeádann an NCTS an ceart, dá lán-rogha féin, chun an beartas príobháideachais seo a leasú am ar bith, agus ba chóir duit scrúdú a dhéanamh air go rialta le haghaidh aon leasuithe.