• Image description

    Tá trí phríomhchéim sa phróiseas iniúchta den Thástáil Náisiúnta Carranna. Is féidir leat amharc ar liosta iomlán de na míreanna atá i gceist sa Tástáil Náisiúnta Carranna sa lámhleabhar nua athcheartaithe NCT, ar féidir leat a íoslódáil ón suíomh seo.

    Ceisteanna coitianta

    Chomh luath agud taréis dul faoi an NCT, gheobhaidh tú Tuarascáil Cigireachta Feithicle (VIR) a leagfaidh amach na tortaí tástála do d'fheithicil. Chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar an tuarascáil seo is féidir míniú gearr ar an VIR a fháil anseo

  • An Fáth go bhfuil Ciall leis an Trialacháin Náisiúnta Ghluaisteán:


    1. Sábháilteacht Níos Fearr ar Bhóithre
    Triailtear ródacmhainneacht mótarfheithiclí nuair a dhéantar an Tástáil Náisiúnta Carranna, agus aithnítear aon lochtanna, mar choscáin lochtacha, crochadh lochtach agus cabhail mheirgeach. Ní foláir na lochtanna seo a dheisiú agus pas a fháil don charr san atástáil, sula dtabharfar Teastas NCT don úinéir.

  • 2. Cosaint an Chomhshaoil
    Gáis dhochracha a thagann ó phíobáin sceite feithiclí, is príomhfhoinse do thruailliú an chomhshaoil iad agus is dona a théann siad i bhfeidhm ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí. Carr atá rialaithe i gceart, beidh sé níos dúshlánaí, imeoidh sé i slí níos éifeachtúla agus ba chóir go n-úsáidfidh sé níos lú breosla.

  • 3. Sochair Gheilleagracha
    Tá tuairim is 400 duine ag obair don NCTS ar fud na hÉireann. Baineann sochair dhearfacha ghaolmhara leis an NCT do na hearnálacha mótarthionscail eile, lena n-áirítear garáistí, allmhaireoirí, déileálaithe mótair agus ionaid páirteanna cairr, píobán sceite agus bonn.

  • 4. Buntáistí don Phobal agus don Mhótarghnó
    A. Tá an Tástáil Náisiúnta Carranna ag cabhrú le líon na dtimpistí bóthair a laghdú, trí lochtanna, mar choscáin lochtacha, boinn chaite agus díriú lochtach ceannsoilse, a thaispeáint do dhaoine.
    B. Déantar an NCT gach dhá bhliain agus déanfar carranna a sheirbhísiú níos minicí de bharr na tástála seo. Soláthrófar barainneacht breosla níos fearr, laghdófar costais iomlána deisithe agus ísleofar an riosca cliste, agus d'fhéadfadh préimheanna árachais níos ísle a bheith mar thoradh ar seo.
    C. Caighdeán feabhsaithe an aeir agus an chomhshaoil mar thoradh ar astúcháin laghdaithe sceite.