• Ainmníodh an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna ag na Coimisinéirí Ioncaim chun raon feidhmeanna clárúcháin feithiclí a dhéanamh ar a son.

    Mar chuid den obair seo, déanfar scrúdú ar gach feithicil neamhchláraithe chun a chinntiú go gcuirfear an CCF cheart i bhfeidhm agus go gcloíonn an fheithicil leis na ceanglais dlíthiúla leagtha síos ag na Coimisinéirí Ioncaim. Ní chuirfear iniúchtaí ar fheithiclí neamhchláraithe i gcrích ach amháin ag ceann de na hIonaid ainmnithe NCT agus caithfidh áirithint dhaingnithe a bheith ag custaiméirí chun é seo a dhéanamh.


    Cuir an t-iniúchadh CCF agat in áirithe ar líne

     

    Aonad soghluaste le fáil go shealbhoiri TAN, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil

  •  1. An próiseas nua clárúcháin

    Ní foláir coinne a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ar do fheithicil laistigh de 7 lá ón dáta a thugtar isteach sa Stát í. Déantar é seo chun an fheithicil a chlárú agus chun íoc as an CCF (agus aon dliteanais eile chánacha atá iníoctha i leith na feithicle). Ansin, caithfidh tú an próiseas clárúcháin a chríochnú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar an fheithicil isteach sa Stát.

    Is féidir ceann de na modhanna seo a leanas a úsáid chun coinne a dhéanamh ag ionad ainmnithe NCT (nasc chuig liosta de na hionaid le léarscáileanna):

    - Ar líne Aon airithe VRT
    - Fón: 1890 927 787
    - Post: Iniúchadh um Cháin Cláraithe Feithiclí, 3026 Céide an Locha, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24

    Cuirfear SMS, ríomhphost nó litir chugat ansin mar dhearbhú ar do choinne. Cinntigh le do thoil go bhfuil rud éigin agat, a thaispeánann do choinne dhaingnithe, nuair a úsáideann tú an fheithicil, go dtí go gcríochnófar an próiseas clárúcháin agus go dtaispeánfar an chláruimhir ar an fheithicil.

    Ná déan dearmad:
    Má chuireann tú an choinne dhaingnithe seo ar ceal nó má atheagraíonn tú í laistigh de cúig lá oibre (Luan - Aoine) roimh an dáta tástála (gan lá na tástála a chur san áireamh agus nó an lá a dul i dteagmháil leat NCTS), má theipeann ort teacht i láthair don tástáil nó má theipeann ort na doiciméid riachtanach a thabhairt leat, caithfidh tú formhuirear €23.81 (CBL san áireamh) a íoc ag an gcéad thástáil eile.

    Is féidir aon fhiosrúcháin maidir leis an táille cealaithe a dhéanamh i scríbhinn chuig an Iniúchadh um Cháin Cláraithe Feithiclí, Céide an Locha 3026, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24.

    Ná déan dearmad le do thoil, más rud é nach gcríochnaíonn tú an próiseas clárúcháin laistigh den tréimhse 30 lá, go mb'fhéidir go mbeadh ort CCF bhreise a íoc i leith na feithicle don tréimhse nach raibh sí cláraithe sa Stát. Maidir leis seo, moltar duit an doiciméadú a bhaineann le seoladh nó stóráil na feithicle a choimeád i do sheilbh agat, nuair a bhíonn an dáta ar an sonrasc níos sine ná 30 lá roimh an dáta clárúcháin. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfadh Oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim nó an Garda Síochána feithicil neamhchláraithe a choinneáil nó a urghabháil.



  •  2. Cá bhfuil an tIonad Tástála is gaire dom?

    Ní sholáthrófar an tseirbhís seo, ar son na gCoimisinéirí Ioncaim, ach ag 22 de na hionaid NCT atá ann i láthair na huaire.

    Is féidir amharc ar threorléarscáil chuig an ionad thíos:

    - An tInbhear Mór
    - An Bhlarna
    - Ceatharlach
    - Dún Dealgan
    - Inis
    - Inis Córthaidh
    - Gaillimh
    - Na Glaschnoic
    - Ceanannas
    - Cill Chainnigh
    - Leitir Ceanainn
    - Luimneach
    - Muineachán
    - An Nás
    - An tAonach
    - An Pointe Thuaidh
    - Sciobairín
    - Sligeach
    - Trá Lí
    - Tulach Mhór
    - Port Láirge
    - Cathair na Mart



  •  3. Cad iad na doiciméid a bheidh orm a thabhairt liom ar lá na tástála?

    D'fhonn aon fheithicil a chlárú, ní foláir duit cruthúnas aitheantais a thairiscint i bhfoirm ceadúnas tiomána nó pas agus uimhir PPS, chomh maith leis an doiciméadú riachtanach eile don chineál feithicle á clárú agat.

    Caithfidh tú a bheith ábalta an uimhir fonnaidh a aimsiú freisin don iniúchóir feithiclí nuair a dhéanfar iniúchadh ar an fheithicil.

    Tiocfaidh do fheithicil faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:
    A) Feithicil Nua
    B) Feithicil Smolchaite

    Feithicil Nua:
    1) Priontáil agus comhlánaigh an Fhoirm Dhearbhaithe seo a leanas chun Feithicil/Gluaisrothar nua nó smolchaite a Chlárú
    2) Deimhniú Comhréireachta ón Aontas Eorpach do Cheadú um Chineál Feithicle nó Deimhniú Comhréireachta IVA NASSTA.
    3) Sonrasc ar a léirítear an dáta ceannaigh/díolacháin go soiléir. Má tá tú ag chlárú feithicle ar son custaiméir eile , ní mhór duit litir sínithe a chuir ar fáil ón gcustaiméir á údarú gur féidir an fheithicle a chlárú ina ainm
    4) Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc, tabhair faoi deara le do thoil nach nglacfar ach le doiciméadú bunaidh)
    5) Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an duine a chlárófar an fheithicil ina (h)ainm (Ní ghlacfar ach le doiciméadú oifigiúil i.e. Cárta Seirbhísí Sóisialta, P60)
    6) I gcás feithiclí a allmhairíodh ó Thuaisceart Éireann, nuair a bhíonn an dáta ar an sonrasc níos sine ná 30 lá roimh an dáta ar tugadh an carr isteach chun é a chlárú, sonraí na háite inar stóráladh an fheithicil. le haghaigh fheithicil ceannaithe san EU, tá gá ar sonraí loingseoireacht  chun deimhnigh  an data teachta  don fheithicil san stait
    7) Nuair a dhéantar éileamh ar dhíolúine ó CCF, an deimhniú díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

    Do shealbhóirí TAN:
    A)I gcás  trádálaí údaraithe (Sealbhoir TAN ), is feithicil a chlárú ar son an gcustaiméir, is féidir leis / léi  anois cur ar fáil a  uimhir Custaiméara Ioncaim  (uimhir Cáin Chorparáideach  nó uimhir VAT) féin ar ar cheann an phaipear chomhlachta in áit an PPSN an duine ar ina ainm a bhfuil an fheithicil á chlárú, áfach, ní mór don déileálaí thabhairt cóip de bhille fóntais (gan níos sine ná 6 mhí) an chustaiméara agus leis liotar sinaithe on custameir ag urdu go bhfeidir an fheithicil a chlaru ina ainm fein.

    B)An duine ag chuir an fheithicil ar fail  Iarradh orthu a ceadúnas tiomána bunúsach nó ar a pas a thabhairt ar aird, agus lies coip don teastais breithe no an teastais bunusach chomhlionta i gcas fheithicil nua.

    C) Tugann tu i grich do foirm Dearbhú do Chlárú feithicil nua / no úsáidtear .
     
    D) Níl aon gá sonrasc a thabhairt leat a thuilleadh.

    E) Ba chóir an uimhir VAT a chur ar fáil ar cheann an pháipéar chomhlachta

    Ní foláir doiciméid thuas a thabhairt leat chun an fheithicil a chlárú nó ní chlárófar í gan iad seo a thaispeáint.

    Feithicil Smolchaite:
    1) Priontáil agus comhlánaigh an Fhoirm Dhearbhaithe seo a leanas chun Feithicil/Gluaisrothar nua nó smolchaite a Chlárú

    2) Fianaise do clarúcháin roimhe seo. Mar shampla teastas clarúcháin iasachta , teastas exportáil seasta nó teastas dí–chlarú i gcás fheithicil taréis a bheith importáilte ó thaobh amuigh don EU, mar is cuí, má bhí an charr cláraithe cheanna féin.(Ní féidir Teastas Feithicil Tarrthálais a úsáid chun fheithicil a chlárú ó 20ú Feabhra 2012). Más rud é nách raibh an carr cláraithe cheanna féin tá Teastas comhréireachta ag teastáil. (le do thoil , thabhairt leat áistriuchain béarla don doiciméid seo,  beigh an doiciméid seo coinnithe san Ionad Tástáil chun beith cinnte go comaidéann thú cóip)
    3) Sonrasc ar a léirítear an dáta ceannaigh/díolacháin go soiléir. Má tá tú ag chlárú feithicle ar son custaiméir eile , ní mhór duit litir sínithe a chuir ar fáil ón gcustaiméir á údarú gur féidir an fheithicle a chlárú ina ainm
    4) Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc, tabhair faoi deara le do thoil nach nglacfar ach le doiciméadú bunaidh)
    5) Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an duine a chlárófar an fheithicil ina (h)ainm (Ní ghlacfar ach le doiciméadú oifigiúil i.e. Cárta Seirbhísí Sóisialta, P60)
    6) I gcás feithiclí a allmhairíodh ó Thuaisceart Éireann, nuair a bhíonn an dáta ar an sonrasc níos sine ná 30 lá roimh an dáta ar tugadh an carr isteach chun é a chlárú, sonraí na háite inar stóráladh an fheithicil. le haghaigh fheithicil ceannaithe san EU,tá gá ar sonraí loingseoireacht  chun deimhnigh  an data teachta  don fheithicil san stait
    7) Nuair a dhéantar éileamh ar dhíolúine ó CCF, an deimhniú díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
    8) Doiciméadú (ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim) ag daingniú leibhéal astúchán dé-ocsaíd charbóin na feithicle tráth a déantúsaíochta (Mura mbíonn an t-eolas seo ar fáil ar an deimhniú clárúcháin eachtrach). Mura mbíonn fianaise ar fáil agus an fheithicil á clárú a thaispeánann leibhéal astúchán dé-ocsaíd charbóin na feithicle tráth a déantúsaíochta, gearrfar CCF ort ag an ráta infheidhmithe is airde.
    9) I gcás feithiclí níos sine ná 4 bliana, deimhniú ródacmhainneachta gan chaitheamh, ag daingniú go bhfuarthas pas i dtástáil eile ar chomhbhrí leis an tástáil NCT. Mura mbíonn an doiciméadú seo ar fáil, d'fhéadfaí glaoch ort go luath tar éis na feithicle a chlárú chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh uirthi.

    Do shealbhóirí TAN:
    A)I gcás  trádálaí údaraithe (Sealbhoir TAN ), is feithicil a chlárú ar son an gcustaiméir, is féidir leis / léi  anois cur ar fáil a  uimhir Custaiméara Ioncaim  (uimhir Cáin Chorparáideach  nó uimhir VAT) féin ar ar cheann an phaipear chomhlachta in áit an PPSN an duine ar ina ainm a bhfuil an fheithicil á chlárú, áfach, ní mór don déileálaí thabhairt cóip de bhille fóntais (gan níos sine ná 6 mhí) an chustaiméara agus leis liotar sinaithe on custameir ag urdu go bhfeidir an fheithicil a chlaru ina ainm fein.


    B) Iarradh ar an an díoltóir a ceadúnas tiomána bunúsach nó ar a pas a thabhairt ar aird agus leis an teastas breithe bunúsach (nó CoC don feithcil).

    C) Tugann tu i grich do foirm Dearbhú do Chlárú feithicil nua / no úsáidtear .
     
    D) Níl aon gá sonrasc a thabhairt leat a thuilleadh.

    E) Ba chóir an uimhir VAT a chur ar fáil ar cheann an pháipéar chomhlachta

    Ní foláir doiciméid thuas a thabhairt leat chun an fheithicil a chlárú nó ní chlárófar í gan iad seo a thaispeáint.

  •  4. Cad atá i gceist san Iniúchadh?

    Ag an ionad tástála sin, déanfar scrúdú ar an fheithicil chun a chinntiú gurb í an fheithicil chéanna a bhfuil cur síos ar a hairíonna sa doiciméadú tionlacain, mar shampla, uimhir aitheantais feithicle (VIN), cláruimhir (i gcás feithicle smolchaite), déantús, múnla agus leagan, méid an innill, líon na ndoirse, srl. Mura mbíonn an doiciméadú riachtanach ar fáil agus an scrúdú á dhéanamh, nó murab ionann sonraí na feithicle agus an doiciméadú, ní chlárófar í. Ina theannta sin, ní foláir íoc as táille atástála ar filleadh leis an doiciméadú ábhartha.


    Nuair a fhaightear amach gur féidir an fheithicil a chlárú, tabharfar doiciméad duit le sonraí na feithicle agus iarrfar ort an doiciméad sin a shíniú. Daingníonn an doiciméad gur mian leat an fheithicil a chlárú mar a leagtar Agus é seo déanta, leagfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cláruimhir amach i leith na feithicle agus gheobhaidh tú an uimhir seo ón NCTS ar íocaíocht na gcánach iníoctha.

    Tabhair faoi deara le do thoil más gá duit cuairt eile a thabhairt ar an ionad NCT, de bharr doiciméadaithe mhícheart nó ar iarraidh, go ndéanfar é seo ar do chostas féin.



  •  5. Conas a mheastar an Cháin Cláraithe Feithiclí atá iníoctha ar an fheithicil?

    I gcás carranna agus veaineanna beaga, is í an cháin ná céatadán den phraghas ionchais miondíola, lena n-áirírear na cánacha Stáit go léir. Tugtar Praghas Díola Margaidh Oscailte nó PDMO ar an bpraghas seo. Bunaithe ar shonraí na feithicle a chuireann an t-ionad NCT ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim tar éis scrúdú a dhéanamh ar an fheithicil, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin seo a mheas duit tráth a cláraithe. D'fhéadfá meastachán a fháil den CCF atá iníoctha ón gCóras Fiosrúcháin ar líne um Chlárúchán Feithiclí. Cé go bhfuil luacháil chruinn ag na Coimisinéirí Ioncaim do na feithiclí go léir ar a mbunachair shonraí, d'fhéadfadh difríocht mhór a bheith ann, de bharr an saghas déantús, múnlaí agus leaganacha atá ar fáil, idir an fheithicil a thugtar go dtí an t-ionad NCT chun í a chlárú agus feithicil dá samhail ar bhunachar sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim, a bheadh mar chúis le difríocht mhór sa CCF a ghearrfaí ort seachas an méid a raibh súil agat leis.



  •  6. Conas is féidir liom íoc as mo CCF agus cén áit?

    Baileoidh an tIonad NCT an muirear CCF (agus dliteanais chánacha eile) ar son na gCoimisinéirí Ioncaim freisin. Is féidir leat íoc as an muirear seo le

    - Dréacht Bainc , Ordú Poist (iníoctha Applus Car Testing Service Ltd)
    - Airgead Tirim (€250 nó níos lú)
    - Cárta Léasair/Dochair (€1,500 nó níos lú)
    - Nó Cárta Creidmheasa ná American Express (Beidh táile 1.5% leis on modh íocaíochta seo)
    - Seic Comhlachta leis huimhreacha TAN amhain (go teorainn € 10,000 is inioctha Applus Car Testing Service Ltd)

  •  7. An féidir liom dul ar iontaoibh an mhuirir seo má cheapaim gur baineadh an iomarca díom?

    Is féidir leat. Tabhair faoi dear le do thoil, áfach, go ngearrtar an muirear CCF ort ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní bheidh foireann an ionad NCT in ann cabhrú leat le haon fhiosrúchán a bhaineann leis an muirear CCF.

    Dá bhrí sin, nuair a bhíonn an méid éilithe íoctha agat, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, i leith an mhuirir, faoi na sonraí oifigiúla nós imeachta mál-achomhairc, atá leagtha amach i mbileog eolais ar leith, CCF 6 - Nós Imeachta Achomhairc maidir le Cáin Cláraithe Feithiclí , atá le fáil ag www.revenue.ie nó ó aon Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá sonraí na n-oifigí seo le fáil ag www.revenue.ie

    Má chinneann tú nach mian leat an fheithicil a chlárú, agus an CCF atá iníoctha a íoc, caithfidh tú a chinntiú go dtabharfar an fheithicil amach as an Stát láithreach, nó laistigh de 30 lá ón dáta ar tugadh isteach sa Stát í ar a mhéad.



  •  8. Cathain is féidir liom na hUimhirphlátaí a fháil?

    Nuair a ghlacann an NCTS leis an íocaíocht CCF (agus le dliteanais eile gan íoc), tabharfaidh an tIonad NCT an chláruimhir duit, ar leagadh amach i leith na feithicle ag na Coimisinéirí Ioncaim. Ní foláir an chláruimhir seo a thaispeáint san fhormáid fhorordaithe ar an fheithicil, laistigh de thrí lá ón dáta eisiúna. Tá sonraí le fáil ag http://www.revenue.ie/en/tax/vrt/leaflets/format-vehicle-registration-plates.html maidir le formáid fhorordaithe na cláruimhreach.



  •  9. Cad a tharlaíonn nuair a cheannaím an fheithicil ó Dhéileálaí Mótair?

    Cuirtear d'iallach ar an déileálaí íoc as an CCF agus an fheithicil a chlárú sula dtugtar duit í. (Fanann na cúrsaí seo idir na déileálaithe agus a gcustaiméirí agus ní bhaineann siad leis na Coimisinéirí Ioncaim)



  •  10. Cathain a gheobhaidh mé mo Dheimhniú Cláraithe Feithiclí?
    An deimhniú cláraithe feithiclí, a eisíonn an Roinn Iompair, cuirfear é ar an bpost chugat nuair a íocann tú do mhótarcháin le d'údarás áitiúil.

    Agus iarratas á chur isteach agat ar mhótarcháin i leith feithicle nó gluaisrothair nua, ní foláir duit an doiciméad seo a leanas (RF 100) agus an táille chuí a thabhairt go dtí an Oifig Mótarchánach Áitiúil:
    RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith feithicle nua
    RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith gluaisrothair nua

  •  11. Faoisimh agus Díolúintí CCF

    Is féidir faoisimh agus díolúintí éagsúla ó CCF a fháil i gcúinsí áirithe. Tugtar cur síos ar na cúinsí seo i bhfógraí poiblí ar leith atá ar fáil ó www.revenue.ie nó ó aon Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Cuimsítear díolúine sna cúinsí seo a d'fhéadfadh feidhm a bheith aici i gcás:

    - Aistriú Cónaithe
    - Aistriú ar Ghníomhaíocht Gnó
    - Oidhreacht
    - Taidhleoireachta


    Tá faoiseamh ar fáil freisin do dhaoine áirithe faoi mhíchumas, a chomhlíonann critéir shonraithe mhíochaine. Tá bileog eolais CCF 7 - Feithiclí do Dhaoine faoi Mhíchumas - Scéim Faoisimh Cánach ar fáil ó www.revenue.ie nó ó aon Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

    Má cheapann tú go bhfuil díolúine ag dul duit, ní foláir duit teagmháil a dhéanamh ar dtús le hOifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim (féach na sonraí teagmhála ag www.revenue.ie) agus iarratas á chur isteach ar an díolúine. Próiseálfar an t-iarratas, agus an doiciméadú ábhartha ag gabháil leis (féach an lámhleabhar), laistigh de 10 lá oibre, agus má cheadaítear é, gheobhaidh tú litir ag daingniú go bhfuil an díolúine ag dul duit. Ní foláir duit an litir seo a thabhairt leat go dtí an tIonad NCT agus an fheithicil á clárú agat chun feidhm a bhaint as an díolúine.

    Ní cheadófar díolúine ach amháin má thabharfar an litir seo go dtí an t-ionad NCT. Mura mbíonn an litir díolúine ar fáil agus an fheithicil á clárú (m.sh. cailleadh nó cuireadh as ionad í) gearrfar CCF iomlán ort. Aisíocfar í seo nuair a thabharfar an litir go dtí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

  •  12. Faoisimh agus Díolúintí CCF

    Agus iarratas á chur isteach agat ar mhótarcháin i leith feithicle nó gluaisrothair nua, ní foláir duit an doiciméad seo a leanas (RF 100) agus an táille chuí a thabhairt go dtí an Oifig Mótarchánach Áitiúil:
    RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith feithicle nua
    RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith gluaisrothair nua

  •  13. Aicmiúchán agus aithchóiriú Feithiclí

    I gcás feithiclí Catagóir B agus C le níos lú ná 4 shuíochán

    I gcás feithiclí i láthair le VRD agus deireann an Catagóir Feithicle (J ar an doiciméad VRD) N1 bheidh an torradh an phraghas atá bunaithe ar an aicme catagóir B. Má tá ceist agat maidir leis seo agus is dóigh gur chóir go mbeadh an fheithicil a bheith ina haicme Catagóir C, ansin taispeáin le do thoil an t-eolas seo a leanas:

    - An Mais Meáchan i Seirbhís (is féidir é seo a fháil ón pláta VIN ar an bhfeithicil. )
    - Ollmheáchan an feithicil  (is féidir é seo a bheith sa lámhleabhar an feithicil nó is féidir a bheith i láthair chomh maith ar an VRD faoi F1 –an Mais uaisméad incheadaithe).

    Mura féidir leat an t-eolas seo a fháil , ansin le do thoil faigh é seo ó droichead meáchain nó príomh dhéileálaí.
    Más amhlaidh nach mbíonn tú sásta fós leis an táille a tugadh ar ais, ansin is féidir leat an taile a íoc agus achomhairc tríd an oifig chánach.

    I gcás fheithicil á chur i láthair leis an catagóir feithicil mar M1 ach a bhfuil  aistriú chun feithicil tráchtála curtha i gcrích agus gur mian leat é a bheith aicmithe mar chatagóir N1 ansin ní mór do chomhlánú an doiciméad seo a leanas a

    Dearbhú an aithchóiriú ó unéir an fheithicil (SQI)

    Is é SQI duine a bhfuil cáilíocht Innealtóireachta nó theicniúil (leibhéal 7) nó níos airde ná an creidiúnú cuí leis an Institiúid Innealtóirí na hÉireann nó ar an Institiúid Measúnóirí Innealtóir Feithicleach). Ní mór an dearbhú a tharraingt suas ar cheann- páipéar an SQI, ní mór a bheith inti ar a laghad, an t-ainm agus / nó gnó- ainm, seoladh, sonraí teagmhála agus uimhir na Coimisinéirí Ioncaim an SQI.

  •  14. Beidh athruithe nua maidir le clárú busanna nua in Éirinn

    Ní Mhór go bhfuil ECWVTA (European Community Whole Vehicle Type Approval) nó NSSTA nó IVA ag GACH bus NUA chun a bheith cláraithe.Tá a tuilleadh eolais ar na hathruithe nua seo le fáil sa bileog seo a liostaíonn na dátaí ó nuair a bheidh fhormheasa éigeantach i gcomhair feithiclí chatagóirí éagsúla sular féidir iad a dhíol nó a cur i seirbhís, agus chomh maith sainmhínítear na catagóirí éagsúla feithiclí i gceist.


    Féach freisin ar an Údarás Shábháilteacht Bhóithre le haghaidh a tuilleadh sonraí.

  •  15. Cad a tharlaíonn má tá roinnt feithiclí agam le haghaidh iniúchadh VRT?

    Má Sealbhóir TAN thú agus tá a laghad 15 feithiclí agat dlithe do iniúchadh VRT ansin is féidir an NCTS scocrú réamh-chigireacht soghluaiste go díreach chuig do áitreabh.

    Beidh an táille €20 in aghaidh gach feithicle agus maidir le trádálaithe ni mhor go bhfuil gach uile (is abhartha) doiciméadúchán do gach feithiclí ar fáil ar lá na cigireachta.

    Ta gá ag an NCTS gur féidir leat spás oifige a chur ar fáil agus ceangal idirlín díreach (gan "Firewalls" agus nách trí líonra áitiúil) ionas gur féidir le gach páipéarachas riachtanach a dhéanamh ar an lá.

    Más mian leat leas a bhaint as an tseirbhís seo ansin dean teagmháil lenár líne áirithe VRT ar 1890 927 787 agus bí cinnte go bhfuil an eolas seo a leanas ós do chomhair:

    • Ainm an Comhlacht
    • Seoladh
    • Uimhir TAN
    • Uimhir Teagmhála
    • Líon na bhfeithiclí chun réamh- cigireachta

  •  16. Conas is féidir liom an feithicle a chláru in ainm an comhlacht?

    Ní mór don chomhlacht a bheith cláraithe leis an oifig chláraithe chomhlachta in Éirinn agus go bhfuil uimhir chláraithe chomhlachta acu a fuair siad ón CRO (ní féidir le trádálaithe aonair nó comhpháirtíochtaí chlárú na feithicle ina n-ainm gnó).

    Chomh maith leis na doiciméid a luaitear i gceist 3 thuas , tá na doiciméid seo a leanas teastáilta chomh maith.

    A) Ní mór don duine a thabhairt páipéar le ceannteidil comhalachta go bhfuil an t-ainm agus seoladh an gcomhlacht air ,chomh maith leis an uimhir comhlacht cláraithe air.

    B) Ar an páipéar ceannteidil -nóta á rá go bhfuil an rúnaí Comhlachta ag ligean an fheithicil a chlárú isteach an t-ainm comhlachta, mura bhfuil an fheithicil a bheith cláraithe ag an rúnaí ansin is gá iad a lua chomh maith ar an bpáipéar seo go dtugann siad an duine seo (Ní mór a ainmniú ar an ráiteas) an t-údarú a chlárú feithicle (Ní mór a thabhairt faoi deara an uimhir VIN ar an páipéar ceannteidil comhalachta ) in ainm an comhlacht.

    C) Más rud é go bhfuil uimhir VAT ag an gcomhlact ansin ba chóir é seo a bheith ar an gceannteidil an bpáipéar chomh maith.

  •  17. én Innealraí féinghluaiste atá á tastáil a chur i láthair ag na Ionaid Tástála agus cén sórt Doiciméid ba comhair dom a thabhairt liom?

    Anois tá gá ar Innealraí soghluaiste a chur i láthair san NCTS ag am na gclarúcháin . Afach, I gcás áirithe níl gá ar Innealraí soghluaiste ata i gcomhréir le na Treoir Innealraí ábhartha a chur i láthair ag Ionaid NCT. I gcásanna mar seo ba comhair go bhfuil griangraf don innealra atá i gceist agus freisin griangraf don sraithuimhir san áireamh leis na doiciméid ábhartha.

    Nil gá ar Innealra Soghluaiste a chur i láthair ag an NCTS don méid seo a leanas:
    - Gach innealra soghluaiste níos mó ná 5 tona
    - Craenacha soghluaiste
    - Ollscartairí
    - Dumpáirí
    -Innealraí Tógáil

    Nuair atá coinne á dhéanamh leis an NCTS le haghaidh clarúcháin le do thoil dheimhniú más gá an innealra soghluaiste a iniúchadh.

    Cliceáil anseo chun a thuilleadh eolas a fháil ar clarúcháin Innealraí féinghluaiste agus na doiciméid is gá duit a thabhairt leat go dtí Ionad an NCTS ar lá an iniúchadh.