Ceisteanna Coitianta faoi Easpórtáil

Déantar sa Scéim um Aisíocaíochtaí  Easpórtála VRT, de réir forálacha in alt 135D den Acht Airgeadais 1992 (ionsáite le s83 (1)(j) den Acht Airgeadais 2012), aisíocaíocht “iarmharach” a láimhseáil ar Cháin Chláraithe Feithiclí ar charranna atá easpórtáilte go buan ón Stát.

 

Faoin scéim seo, ceadaítear d’úinéir feithicle aisíocaíocht den Cháin Clárúcháin Feithiclí (CCF) ‘iarmharach’ a éileamh nuair atá an fheithicil á heaspórtáil. Is é an t-úinéir an duine a bhfuil a n-ainm ar an gComhad Tiománaí Feithicle Náisiúnta (NVDF) ag an tráth a ndéantar scrúdú ar an bhfeithicil. Mura bhfuil tú cinnte gur tusa an t-úinéir cláraithe, déan teagmháil leis an Roinn Iompair.

Chun bheith incháilithe, ní mór don fheithicil an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • a bheith ina fheithicil paisinéirí, mar shampla, salún, carr cúlhaiste nó SUV
  • a bheith cláraithe sa Stát
  • teastas bailí Náisiúnta Tástála Carranna (NTC) nó Deimhniú Tástála Feithicle Tráchtála a bheith aige
  • agus
  • CCF a bheith íoctha ina leith.

Féadfaidh sé go bhfuil aisíocaíocht CCF faighte cheana féin ag roinnt feithiclí faoi scéim eile. Sa chás seo, féadfaidh sé nach bhfuil siad cáilitheach chun aisíocaíocht a fháil ós rud é nach bhfuil aon CCF ‘iarmharach’ fágtha i leith na feithicle.

Mar sin féin, sa chás go ndearnadh íocaíocht CCF i bpáirt cheana féin, féadfaidh sé go bhfuil CCF iarmharach fágtha i leith na feithicle.

Tugtar an Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) ar an luach a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim chun CCF a ríomh. Sa chás go bhfuil PDMO na feithicle níos lú ná €2,000, ní cháilíonn an fheithicil le haghaidh na scéime.

Ní mór d'fheithiclí scrúdú easpórtála a bheith déanta orthu ag ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC).

Is iad carranna nó feithiclí paisinéir (Catagóir Feithiclí AE M1), atá cláraithe sa Stát agus ar a bhfuil VRT íoctha, na feithiclí amháin atá incháilithe don Scéim Aisíocaíochta Easpórtála.

Ba cheart tabhairt faoi deara, i gcás ina bhfuil díolúine iomlán VRT ar an bhfeithicil ceadaithe, mar atá sna hEiseachtaí mar seo a leanas, ní bheidh an fheithicil incháilithe i gcomhair aisíocaíocht, mar nach bhfuil aon VTR iarmharach fágtha ar an bhfeithicil.

I gcás ina bhfuil páirtdíolúine VTR ceadaithe ar an bhfeithicil, glacfar suim na díolúine mar chomaoin le linn VTR iarmharach atá fágtha ar an bhfeithicil a ríomh.

I gcás ina bhfuil Praghas Díola Margaidh Oscailte (OMSP) feithicle ríofa ag níos lú ná €2,000, ní bheidh an fheithicil incháilithe i gcomhair aisíocaíochta faoin Scéim um Aisíocaíochtaí Easpórtála.

Is féidir ceann de na modhanna seo a leanas a úsáid chun coinne a dhéanamh ag ionad ainmnithe NCT (nasc chuig liosta de na hionaid le léarscáileanna):

Ag am Tástála NCTS, ní mór duit na nithe seo a leanas a thabhairt:

  • an Deimhniú Clárúcháin le haghaidh Feithiclí bunúsach don fheithicil,
  • Teastas bailí Thástáil Náisiúnta Carranna (NCT),
  • cruthúnas ar d’Uimhir Chustaiméara Ioncaim (Uimh. UPSP/TAN/CBL) ag úsáid: Doiciméad Ioncaim lena n-áirítear Sonraí ar USPS agus ar Ainm agus ar Sheoladh, P60 nó duillín pá srl, agus
  • cruthúnas ar aitheantas i bhfoirm cheadúnais tiomána nó pas.

Is ar úinéir na feithicle cinntiú go bhfuil an Deimhniú Clárúcháin Feithiclí suas chun dáta. Ní mór gur ionann VIN (Uimhir Aitheantais na Feithicle) ar an bhfeithicil agus ar an Deimhniú Clárúcháin Feithiclí; seachas sin teipfidh ar an bhfeithicil ar an scrúdú. Sa chás sin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Lároifig Feithiclí, (na Coimisinéirí Ioncaim, an Lároifig Feithiclí, Calafort Ros Láir, Loch Garman).

Gheobhaidh tú admháil Scrúdú Easpórtála ar chríochnú Scrúdú Aisíocaíochta Easpórtála, a léiríonn an méid Ais-iníoctha VRT.

Tabhair do d’aire nach ndéanfar aisíocaíocht ach amháin leis an duine atá thíos mar an úinéir cláraithe ar an gComhad Tiománaí Feithiclí Náisiúnta ag tráth an scrúdaithe.   Tá an fhreagracht ar an duine aonair a chinntiú go ndéantar teagmháil leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt roimh an scrúdú agus go ndéantar an comhad a thabhairt cothrom le dáta sula gcuirtear i láthair é ag Ionad de chuid na seirbhíse NCTS.

An Fheithicil a Easpórtáil 

Tá 30 lá agat ansin, ó dháta Scrúdú Aisíocaíochta Easpórtála leis an bhfeithicil a easpórtáil ón Stát.

 Ní mór doiciméadú a thabhairt le cruthú agus leis na Coimisinéirí a shásamh gur tugadh an fheithicil as an Stát laistigh de 30 lá i ndiaidh a scrúdaithe, in éineacht le cruthúnas go bhfuil an fheithicil cláraithe ina dhiaidh sin i mBallstát eile nó go bhfuil sí easpórtáilte go buan lasmuigh den Aontas Eorpach.

Éileamh Aisíocaíochta VRT 

Mar chríoch, ní mór duit Foirm Iarratais na Scéime um Aisíocaíochtaí Easpórtála a chur isteach chuig an Roinn Ioncaim in éineacht le cruthúnas easpórtála agus cruthúnas athchlárúcháin.

I gcás ar éiríonn leis an éileamh, íocfar an Aisíocaíocht VRT don úinéir deireanach atá taifeadta ar Chomhad Náisiúnta Tiománaithe agus Feithiclí (NVDF).

Bunachar sonraí is ea an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe ina bhfuil sonraí ar gach ceann de na 2.5 mhilliún feithicil atá cláraithe agus a gcuid úinéirí, chomh maith le 2.5 mhilliúin tiománaí ceadúnaithe sa tír.

Is córas lárnach é, ar a ndéanann cothabháil ag an Rannóg Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, atá lonnaithe i Sionainn, Co. an Chláir, córas maidir le mótarcháin a phróiseáil agus le cúrsaí um cheadúnais tiomána.  Comhlíonann an NVDF a chuid oibleagáidí dlíthiúla maidir leis na cláir náisiúnta tiománaithe agus feithiclí.

Éilítear sa dlí nach mór gach athrú ar úinéireacht feithiclí a fhógairt chuig an Roinn Iompair agus go ndéanfar an t-athrú a thaifeadadh ar an NVDF.

Nasc chuig Láithreán gréasáin an Roinn Iompair & Comhad Tiománaithe.

 

Tá táille riaracháin €100 iníoctha, a bhainfear ón méid VRT atá in-aisíocaíochta.

Gearrtar táille freisin ar scrúdú na feithicle agus ar dhoiciméadú a ghabhann leis an Aonad NCTS. Is €103.25 an táille agus íoctar go díreach chuig an Aonad NCTS. Retest €51.62

Ar líne Aon airithe VRT

Fón: 01-4135975

Céatadán den Phraghas Díola Margaidh Oscailte (OMSP) is é méid an cháin atá le haisíoc. Gheobhaidh tú an OMSP a bhaineann le déantús agus samhail na feithicle agus leis an aisíocaíocht VRT lena mbaineann ar líne trí úsáid a bhaint as Córas Fiosrúcháin Ar Líne um Chlárú Feithiclí.  Baineann an céatadán le hastaíochtaí fógartha CO2 na feithicle ag am déantúsaíochta.

Bíodh a fhios agat nach dtabharfar san áireamh aon loghadh/aisíocaíocht/ a bhí ann roimhe a bhaineann le feithicil ar leith a éiríonn as Éilimh ná Díolúintí i ríomh VRT ar líne.

 Is cinnte go gcuirfear an loghadh/aisíocaíocht siúd san áireamh le linn méid in-aisíoctha VRT a ríomh ag am an Scrúdaithe Easpórtála ag an Aonad NCTS. Déanfar aisíocaíocht VRT a chuireann NCTS in iúl duit, tar éis scrúdú a dhéanamh, a laghdú ag méideanna a loghadh / a aisíocadh roimhe.

Bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim táille riaracháin €500 go huathoibríoch as an méid aisíocaíochta.

Gearrfaidh NCTS táille freisin as an tseirbhís don Scrúdú Easpórtála.

Is féidir leat coinne le scrúdú faoi Scéim Aisíocaíochta Easpórtála a chur in áirithe leis an NCTS trí ghlaoch orthu ar  01-4135975 trína chur in áirithe Ar líne Aon airithe VRT 

Agus tú mar úinéir na feithicle, ní mór duit na nithe seo a leanas a thabhairt:

  • an Deimhniú Clárúcháin le haghaidh Feithiclí bunúsach don fheithicil,
  • Teastas bailí Thástáil Náisiúnta Carranna (NCT) don fheithicil, mar is infheidhme.
  • d’Uimhir Chustaiméara Ioncaim (Uimh. UPSP/TAN/IT/CBL)
  • cruthúnas ar aitheantas i bhfoirm cheadúnais tiomána nó pas.
  • Uimhir Doiciméadú a dheimhníonn ainm agus seoladh ag an úinéir. Ní ghlacfar leis ach na doiciméid mar seo a leanas: P60, Ráiteas Bainc/Institiúde Airgeadais, Ráiteas Cárta Créidmheasa, Duillín a bhfuil seoladh air, Bille fontais (Leictreas, Gás, Soláthraí Seirbhíse Teilifíse, Bille fóin líne lána, agus Bille Fóin Phoca (Íoc bille amháin)

Bíodh a fhios agat nach nglacfar ach le búndoiciméadú gus ní mór dóibh gan bheith níos sine ná 6 mhí.

  • Nuair atá an fheithil á cur i láthair ag Trádálaí Mótar, is gá gurb ionann na sonraí a chuirtear ar fáil agus iadsan Ghnó an Trádalaí Mótar, ní an duine atá ag cur an fheithicil i láthair.

Is féidir. Má tá Litir Údaraithe ag an tríú páirtí uait, is féidir leo an fheithicil a thabhairt isteach le Scrúdú Easpórtála ag Aonad NCTS ar do shon. Íocfar aon Aisíocaíocht VRT don úinéir deireanach atá taifeadta ar Chomhad Náisiúnta Tiománaithe agus Feithiclí (NVDF), áfach.

 Ní mór don tríú páirtí tabhairt leis freisin:

  • cruthúnas ar aitheantas i bhfoirm cheadúnais tiomána nó pas,
  • an Deimhniú Clárúcháin le haghaidh Feithiclí bunúsach don fheithicil,
  • Teastas bailí Thástáil Náisiúnta Carranna (NCT) don fheithicil, mar is infheidhme.
  • d’Uimhir Chustaiméara Ioncaim (Uimh. UPSP/TAN/IT/CBL) agus
  • cruthúnas ar d’aitheantas féin i bhfoirm cheadúnais tiomána nó pas.

Tá 3 chineál foirmeacha éilimh, gach ceann acu ar fáil le híoslódáil thíos:

  • Foirm VRTER1 – maidir le feithiclí a d’aistrigh trádálaí chuig Ballstát eile an AE
  • Foirm VRTER1A – maidir le feithiclí a d’aistrigh trádálaí chuig tír taobh amuigh den AE
  • Foirm VRTER2 – maidir le feithiclí a d’aistrigh/a d’easpórtáil duine príobháideach

Beidh sé sin ag brath ar cibé an raibh an fheithicil aistrithe chuig Ballstát eile an AE, nó cibé an raibh sí easpórtáilte chuig tír taobh amuigh den AE. Tá seicliosta le gach foirm éilimh ar na cruthúnais ábhartha le tabhairt, agus tá tuilleadh sonraí liostáilte thíos.

 Cuimhnigh, i ngach aon chás, gur ortsa an fhreagracht lena chruthú go gcomhlíonann tú riachtanais na Scéime. Mura dtugtar an fhianaise dhoiciméadach, is amhlaidh nach féidir Aisíocaíocht VRT a cheadú.

  • Foirm VRTER1 – nach mór í a líonadh maidir le feithiclí a d’aistrigh trádálaí chuig Ballstát eile an AE,
  • Cruthúnas doiciméadach ar aistriú ón stát,
  • Cruthúnas doiciméadach ar Uimhir Chláraithe na Feithicle mar atá sainithe i mBallstát eile an AE, agus
  • Cóip de Dhearbhú ar Scrúdú Easpórtála na Feithicle ag NCTS.

Tabhair aird ar leith ar na riachtanais dhoiciméadacha le do thoil, tá sonraí iomlána liostaithe i gcuid nótaí den Fhoirm éilimh. Fillfear foirmeacha nó éilimh nach bhfuil comhlíonta go hiomlán, nó nach bhfuil cruthúnais dhoiciméadacha atá riachtanach ag gabháil leo.

  • Foirm VRTER1A – nach mór a líonadh maidir le feithiclí a d’easpórtáil trádálaí chuig tír taobh amuigh den AE,
  • Cruthúnas doiciméadach ar aistriú ón stát, agus
  • Cóip de Dhearbhú ar Scrúdú Easpórtála na Feithicle ag NCTS.

 

Tabhair aird ar leith ar na riachtanais dhoiciméadacha le do thoil, tá sonraí iomlána liostaithe i gcuid nótaí den Fhoirm éilimh. Fillfear foirmeacha nó éilimh nach bhfuil comhlíonta go hiomlán, nó nach bhfuil cruthúnais dhoiciméadacha atá riachtanach ag gabháil leo.

  • Foirm VRTER2. nach mór a líonadh maidir le feithiclí a d’aistrigh/a d’easpórtáil duine príobháideach,
  • Cruthúnas doiciméadach ar aistriú ón Stát,
  • Cruthúnas doiciméadach ar Uimhir Chláraithe na Feithicle mar atá sainithe i mBallstát eile an AE, agus
  • Cóip de Dhearbhú ar Scrúdú Easpórtála na Feithicle ag NCTS.

Tabhair aird ar leith ar na riachtanais dhoiciméadacha le do thoil, tá sonraí iomlána liostaithe i gcuid nótaí den Fhoirm éilimh. Fillfear foirmeacha nó éilimh nach bhfuil comhlíonta go hiomlán, nó nach bhfuil cruthúnais dhoiciméadacha atá riachtanach ag gabháil leo.

I gcás aistrithe chuig ballstát eile an AE, má tá feithicil chláraithe laistigh de 30 lá ón Scrúdú Aisíocaíochta Easpórtála ag an NCTS, is leor cruthúnas an Chlárúcháin sin.

I gcás go bhfuil clárú na feithicle níos mó ná 30 lá ón Scrúdú ag NCTS, áfach, éilítear cruthúnas ar leith le léiriú gur aistríodh an fheithicil ón Stát laistigh de 30 lá. . Gheobhaidh tú sonraí iomlána ar an bhFoirm éilimh lena mbaineann.

Níl aon fhíneáil nó pionós i gcás nár cuireadh éileamh isteach. Ach mura gcuireann tú isteach ar aisíocaíocht chuig an Lároifig Aisíocaíochtaí, is amhlaidh nach bhfaighidh tú aon aisíocaíocht VRT atá dlite.

Mura ndéanann tú an fheithicil a easpórtáil ón Stát laistigh de 30 lá, áfach, ní mór duit coinne eile a chur in áirithe leis an Aonad NTCS le méid na hAisíocaíochta VRT a athríomh, agus is é an méid Aisíocaíochta VRT athríofa a mbeidh tú ina theideal, ní an luach aisíocaíochta ón gCéad Scrúdú Easpórtála.

Gearrfaidh an tAonad NCTS táille as gach coinne don Scrúdú Easpórtála.

Is €103.25 an táille agus íoctar go díreach chuig an Aonad NCTS.

Meastar gur cion é dearbhú bréagach a dhéanamh le híocaíocht cáin a fháil, faoi Alt 1078 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Déanfaidh an Lároifig Aisíocaíochtaí na gCoimisinéirí Ioncaim na héilimh a phróiseáil. Ba cheart an fhoirm éilimh in éineacht leis na doiciméid ábhartha a sheoladh sa phost chuig:

Lároifig Aisíocaíochtaí

Foirgneamh M-TEK 11

Bóthar Ard Mhaca

Muineachán

Ríomhphost: cromon@revenue.ie

Teileafón: Íosghlao 1890 60 60 61, (074) 62100 freisin

FACS: (047) 62196

Cinntigh, le do thoil, go bhfuil gach doiciméad atá riachtanach istigh leis. Fillfear foirmeacha nó nach bhfuil comhlíonta go hiomlán, nó foirmeacha nach bhfuil  doiciméadú riachtanach ag gabháil leo.

Nuair atá an t-éileamh próiseáilte agus na Coimisinéirí Ioncaim sásta go bhfuil riachtanais na Scéime um Aisíocaíochtaí Easpórtála comhlíonta, déanfar an aisíocaíocht VRT a fhaomhadh.

I gcás ina bhfuil aisíocaíocht dlite, ní íocfar an Aisíocaíocht VRT ach chuig an úinéir deireanach atá taifeadta ar an NVDF, agus ní mór gur ionann na sonraí sin agus an Uimhir Chustaiméara Ioncaim bhainteach a sonraíodh ag am an Scrúdaithe ag an aonad NCTS.

Agus an t-éileamh próiseáilte agus ceadaithe, eiseofar Aisíocaíocht VRT díreach chuig do sheoladh oifigeach. Bíodh a fhios agat, go ndéanfar an méid in-aisíoctha a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanas cánach. I gcásanna ina bhfuil Tuairisceáin chánacha amuigh, ní féidir éileamh a chur i gcrích go dtí go bhfuil an Tuairisceán/na Tuairisceáin curtha isteach.

I gcás sealbhóirí Uimhir Chuntais Thrádálaí  (TAN), déanfar aisíocaíochtaí, mar is gnáth, trí chuntais FACT nó CUNTAIS CHÁNACHAIS IARCHURTHA.

Ní mór an fheithicil a easpórtáil laistigh de 30 lá a cuid scrúdaithe ag an Aonad NCTS.  

Mura ndéanann tú an fheithicil a easpórtáil ón Stát laistigh de 30 lá, ní mór duit coinne eile a chur in áirithe leis an Aonad NTCS le méid na hAisíocaíochta VRT a athríomh, agus is é an méid Aisíocaíochta VRT athríofa a mbeidh tú ina theideal, ní an luach aisíocaíochta ón gCéad Scrúdú Easpórtála.

Gearrfaidh an tAonad NCTS táille as gach coinne don Scrúdú Easpórtála.

Beidh ort. I gcás ina mbíonn feithicil á aistriú go buan nó a easpórtáil ón Stát, ba cheart duit an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a chur ar an eolas, trína Oifig Áitiúil Mótarchánacha, faoi.

Áireofar mar fheithicil neamhchláraithe feithicil a fhaigheann aisíocaíocht faoin scéim aisíocaíochta easpórtála. Maidir le feithiclí den chineál sin a tugadh ar ais isteach sa Stát, ní mór iad a thabhairt i láthair lena gclárú taobh istigh de 30 lá.

Beidh Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) iníoctha ag tráth an chlárúcháin agus eiseofar cláruimhir Éireannach nua. Leis an uimhir clárúcháin nua seo, ceadófar mótarcháin a fháil ina leith ón Oifig Mótarchánach.

Is cion é an bhunuimhir a thaispeáint ar fheithicil dá leithéid.

An Roinn Iompair a chur ar an eolas
Agus an fheithicil a thógáil amach ón Stát go buan, ní mór don úinéir an Roinn Iompair a chur ar an eolas.