Ceisteanna Coitianta faoin gCáin Chláraithe Feithiclí

Cad is gá dom a dhéanamh ón 01 Eanáir 2021 má thugaim feithicil isteach ón mBreatain Mhór?

Ní mór Dearbhú Custam a chomhlánú le haghaidh na feithicle/na bhfeithiclí sula gcuirtear an fheithicil/na feithiclí i láthair lena clárú. Is féidir é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gCóras AIS atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim trí ROS nó Mo Chuntas. Ní mór uimhir EORI a bheith agat chun an córas seo a úsáid agus tá sonraí maidir le conas an uimhir seo a fháil le fáil ag https://www.revenue.ie/ga/customs-traders-and-agents/documents/electronic/ereg-eori-guide.pdf

Beidh an Uimhir Dhearbhaithe Custam (MRN) mar aon le huimhir na hítime atá liostaithe don VIN ar an Dearbhú Custaim ag teastáil uait agus an fheithicil á cur i láthair le haghaidh clárúcháin. 

Ba chóir duit na sonraí seo a thabhairt faoi deara agus an Dearbhú Custam á chomhlánú agat.

Mura bhfuil uimhir EORI agam, cad is féidir liom a dhéanamh? 

Mura bhfuil uimhir EORI agat moltar duit dul i dteagmháil le Gníomhaire Custaim mar ní bheidh tú in ann an Dearbhú Custam éigeantach a chomhlánú. 

Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil má bhíonn deacrachtaí agam an Dearbhú Custam a chomhlánú?

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an bhfoireann Trádála agus Custaim is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach eCustoms má bhíonn deacrachtaí agat AIS a oibriú. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach eCustoms: Trí ríomhphost – ecustoms@revenue.ie Ar an nguthán (seirbhís teoranta) – 01 738 3677 nó +353 1 738 3677 (ó lasmuigh d’Éirinn) Uaireanta oscailte gutháin: 09.00 go 17.00 (Luan go hAoine).

Tá seirbhísí gutháin ar fáil ar bhonn teoranta de bharr paindéime COVID-19

Is féidir sonraí a fháil freisin ag https://www.revenue.ie/ga/customs-traders-and-agents/documents/import-procedures-guide.pdf

Cá bhfaighidh mé sonraí maidir le comhlánú an Dearbhaithe Custam? 

Is féidir sonraí a bhaineann le comhlánú an Dearbhaithe Custaim a fháil ag https://www.revenue.ie/en/customs-traders-and-agents/customs-electronic-systems/aep/ecustoms-notifications/2020/aep-notification -033-2020.pdf

An féidir liom m’fheithicil a chlárú gan Dearbhú Iontrála Custam a chomhlánú maidir le feithiclí a thagann ón mBreatain Mhór? 

Ní mór duit an Dearbhú Custam a chomhlánú sula gcláraíonn tú d’fheithicil ag an NCTS. Mura gcuirtear an Iontráil Chustaim i gcrích diúltófar do chlárú. Ní mór an Uimhir Dhearbhaithe Custam (MRN) a bheith agat, tráth an fheithicil a thíolacadh lena hiniúchadh, uimhir na hítime ina bhfuil an VIN le feiceáil ar an Dearbhú sin.

An gá dom Dearbhú Iontrála Custam a chomhlánú le haghaidh feithiclí a fuarthas ó Thuaisceart Éireann? 

Má cláraíodh an fheithicil i dTuaisceart Éireann nó má fuarthas í i dTuaisceart Éireann an 31 Nollaig 2020 nó roimhe sin féadfar an fheithicil a thabhairt isteach sa Stát agus a chlárú gan foirmiúlachtaí Custam. 

Cad a tharlóidh má cláraíodh an fheithicil den chéad uair i dTuaisceart Éireann ar nó tar éis 01 Eanáir 2021? 

Má cláraíodh an fheithicil den chéad uair an 01 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin féadfar í a thabhairt isteach sa Stát agus a chlárú gan foirmiúlachtaí Custam. Caithfidh seoltaí i dTuaisceart Éireann a bheith ar an V5 agus ar an sonrasc.

Cad a tharlóidh má cheannaím feithicil i dTuaisceart Éireann a cláraíodh den chéad uair sa Bhreatain Mhór ach a fuarthas ina dhiaidh sin i dTuaisceart Éireann tar éis 01 Eanáir 2021 I gcás feithiclí a cláraíodh den chéad uair sa Bhreatain Mhór agus a cláraíodh ina dhiaidh sin tar éis an 1 Eanáir 2021 le duine aonair príobháideach nó le gnólacht nó a dhíol déileálaí mótair a bhfuil seoladh i dTuaisceart Éireann acu, beidh cruthúnas ag teastáil gur iompórtáladh an fheithicil i gceart isteach i dTuaisceart Éireann. Beidh cruthúnas i bhfoirm:

Cóip den dearbhú custaim a thaispeánann allmhairiú na feithicle isteach i dTuaisceart Éireann; Doiciméad T2L arna eisiúint ag HMRC.

Ní mór an fheithicil a aithint ó na doiciméid tacaíochta. 

Níor cheart do dhuine feithicil a cheannach ó Thuaisceart Éireann a bhfuil clárúchán GB aici nó a bhí cláraithe cheana sa Bhreatain Mhór nuair nach bhfuil an doiciméadú seo ar fáil. 

Mura féidir leat cruthúnas a sholáthar go bhfuil feithicil iompórtáilte isteach i dTuaisceart Éireann, is féidir leat dearbhú custaim a dhéanamh agus dleacht chustaim agus CBL a íoc bunaithe ar luach allmhairithe na feithicle díreach roimh chlárú.

Léargas ginearálta

Is ón Ríocht Aontaithe a fhaightear formhór na bhfeithiclí athláimhe a iompórtáiltear chun an Stáit as tíortha thar lear. Tá an rannán seo ann chun a chinntiú go bhfuil custaiméirí ar aon eolas faoi na himpleachtaí atá i gceist le próiseas cláraithe feithiclí na Breataine Móire agus iad mar thríú tír chun críocha Custam.

Má iompórtálann tú feithicil athláimhe ón mBreatain Mhór, nó trí Thuaisceart Éireann, ba chóir duit costais bhreise a chur san áireamh mar gheall ar Cháin Bhreisluacha (CBL) ag tráth na hiompórtála. Féadfaidh sé go mbeidh ort Dleacht Chustam a chur san áireamh chomh maith. Féadfaidh sé go n-áireofaí leis seo feithicil a cheannaigh tú i dTuaisceart Éireann ach a bhí in úsáid nó a bhí cláraithe cheana sa Bhreatain Mhór.

Ní mór mótarfheithiclí sa Stát a chlárú laistigh de 30 lá ón dáta iontrála. Cláraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) feithiclí thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tá sonraí ar na riachtanais shonracha leagtha amach sna leathanaigh sa rannán seo.

Feithiclí nua

Chomh maith le riachtanais chustaim agus Cáin Bhreisluacha (CBL) ar riachtanais iompórtála, má tá feithicil nua á hiompórtáil isteach sa Stát agat, ní mór an méid seo a leanas a bheith ar láimh:

Tá impleachtaí ann d’fheithiclí nua a chlárú atá cineálcheadaithe ag Gníomhaireacht Deimhniúcháin Feithiclí na Ríochta Aontaithe. D'eisigh an NSAI agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre doiciméid treorach maidir leis an gcaoi a gcaitear le cineálcheaduithe na Ríochta Aontaithe. Moltar duit machnamh a dhéanamh orthu seo sula gceannaíonn tú feithicil nua sa Ríocht Aontaithe.

 

Na himpleachtaí CBL a bhaineann le feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Tá feithiclí nua a tugtar isteach chun an Stáit ó Bhallstát eile AE, agus ó Thuaisceart Éireann, faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL). Is éard is feithicil nua ann ná feithicil atá 6 mhí d'aois nó níos lú, nó 6,000 cm nó níos lú taistealta. Go hiondúil íoctar an CBL ag tráth an chlárúcháin sa Stát. Tá tuilleadh eolais le fáil ar Modhanna iompair nua a fháil ó Bhallstát eile.

Tá feithiclí nua a dtugtar isteach chun an Stáit ó thaobh amuigh den AE faoi dhliteanas Cánach Breisluacha ag tráth na hiompórtála agus ní ghearrfar muirear CBL eile orthu ag clárúcháin.

Maidir le díolachán Gnó le Gnó:

  • feithiclí athláimhe a meastar gur feithiclí cáilitheacha iad chun críocha CBL
  • agus
  • Atá nialas-rátaithe tugtha ag an díoltóir i dTuaisceart Éireann
  • ag tráth na heaspórtála easpórtáil ón mBreatain Mhór

féadfaidh sé go gcaithfear leis mar a caitheadh leis cheana.

Ciallaíonn sé seo go gcomhlíonfaidh an déileálaí sa Stát dearbhú iompórtála agus féadann siad roghnú cuntas a thabhairt i leith CBL ag tráth na hiompórtála ar bhonn cuntasaíochta iarchurtha. Leis seo, féadann an déileálaí cuntas a thabhairt i leith CBL ag tráth na hiompórtála ina ngnáth-thuairisceán CBL agus asbhaint CBL comhuainí a thógáil.

Nuair a dhíoltar an fheithicil, déanann an déileálaí cuntas a thabhairt i leith CBL ag an gcéim sin, ach ní mór dóibh CBL ag 23% a ghearradh ar luach iomlán an díola (seachas Cáin Cláraithe Feithiclí). Ar an gcaoi seo, ní thiocfaidh dliteanas CBL aníos ach amháin nuair a dhíoltar an fheithicil.

Tá iompórtálacha príobháideacha faoi dhliteanas CBL ag tráth na hiompórtála agus gearrfar é ar luach custam na feithicle ag an ráta caighdeánach, is é sin 23% faoi láthair. Go hiondúil, is é seo an praghas ceannaigh móide an costas iompair agus árachas, móide aon Dleachtanna Custam iníoctha. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Luacháil custam.

Tá reachtaíocht tugtha isteach ag an Ríocht Aontaithe chun foráil a dhéanamh don Scéim Íocaíochta Mótarfheithiclí Athláimhe (SHMVPS). Ligfidh an scéim nua do dhíoltóirí carranna atá cláraithe le haghaidh CBL i dTÉ agus i mBallstáit an AE an ghné CBL de chostas na feithicle a aiséileamh:

  • má cheannaítear an fheithicil sa Bhreatain Mhór
  • agus
  • má bhaintear amach í, nó má easpórtáiltear í, lena n-athdhíol i dTÉ nó i mBallstát AE.

Tá na rialacha nua i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2023 agus féadtar éilimh a dhéanamh ó Lúnasa 2023 ar aghaidh. Tá treoir mhionsonraithe ar fáil ó Choimisinéirí Ioncaim agus Custam an Rí (HMRC).

 

Feithicil a ceannaíodh sa Bhreatain Mhór a chlárú

Tá feithiclí a cheannaítear sa Bhreatain Mhór, agus a thugtar isteach sa Stát, faoi réir gnásanna iompórtála. Áirítear leis seo an gá atá le Dearbhú Custam, Dleachtanna Custam a íoc (más cuí) agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc ag tráth na hiompórtála. Is riachtanais breise iad seo i dteannta an riachtanas go bhfuil an fheithicil a chlárú le haghaidh Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF).

Céimeanna riachtanacha sula gcláraítear feithicil

Má iompórtálann tú feithicil ón mBreatain Mhór, díreach isteach sa Stát, nó sa chás go n-iompraítear an fheithicil trí Thuaisceart Éireann (TÉ), ní mór duit:

  • Dearbhú Custam a chomhlánú
  • Dleacht Chustaim a íoc (más cuí)
  • agus
  • an CBL ar luach iompórtála na feithicle a íoc.

Ní mór é seo a dhéanamh roimh a chláraítear an fheithicil. Ní bheidh sé indéanta an fheithicil a chlárú sa Stát gan an Dearbhú Custam riachtanach a chomhlánú. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Dearbhú Custam a thíolacadh, féach Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór.

Tabhair do d’aire

De bharr rialacha maidir le Tionscnamh agus an Fhaoiseamh ar Earraí Aisdúichithe, tá cúinsí áirithe ann nach mbíonn feidhm le Dleachtanna Custam.

Céimeanna riachtanacha le linn clárúcháin

Agus tú ag cur feithicil i láthair ag ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) chun í chlárú, beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil freisin:

  • an doiciméad clárúcháin eachtrach (an V5C ón Ríocht Aontaithe)
  • cóip den Dearbhú Custam
  • agus
  • aon doiciméid tacaíochta eile.

Ní mór do na doiciméid seo an fheithicil shonrach atá le clárú, a shainaithint go soiléir, agus ní mór an Máistir-Uimhir Thagartha (MUT) a bheith san áireamh ar an Dearbhú Custam.

 

Feithiclí ó Thuaisceart Éireann (TÉ) a chlárú

Feithiclí a bhí in úsáid i dTuaisceart Éireann roimhe seo

Féadtar feithicil a bhí in úsáid roimhe seo i dTuaisceart Éireann a chlárú le haghaidh Cáin Cláraithe Feithiclí (CCFT) sa Stát, gan dliteanas i leith dleachtanna Custam breise agus gan dliteanas iompórtála na Cánach Breisluacha (CBL). Beidh gá le cruthúnas a thaispeánann go raibh an fheithicil faoi úinéireacht phríobháideach ar feadh tréimhse réasúnta ama.

Maidir leis an gcruthúnas a léiríonn go raibh an fheithicil in úsáid roimhe seo i dTÉ sular ceannaíodh í, ba chóir go n-áirítear:

  • cóip den V5C a léiríonn an coimeádaí cláraithe is déanaí i dTuaisceart Éireann agus dáta clárúcháin an choimeádaí sin
  • stair tástála Ministry of Transport (MOT) i dTÉ.

Feithiclí nach raibh in úsáid i dTÉ roimhe seo

Beidh cruthúnas ag teastáil i leith feithiclí a ceannaíodh ó dhíoltóirí TÉ nach raibh in úsáid  i dTuaisceart Éireann roimhe seo (mar shampla, feithiclí a bhí in úsáid sa Bhreatain Mhór (GB) sular cheannaigh déileálaí de chuid TÉ iad) a léiríonn gur iompórtáladh an fheithicil go TÉ de réir riachtanais Chreat Windsor. Ní mór cóip den Dearbhú Custam a taisceadh i dTÉ a chur ar fáil, ina sainaithnítear go soiléir an fheithicil atá á clárú.

 

 

 

Ní foláir coinne a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ar do fheithicil laistigh de 7 lá ón dáta a thugtar isteach sa Stát í. Déantar é seo chun an fheithicil a chlárú agus chun íoc as an CCF (agus aon dliteanais eile chánacha atá iníoctha i leith na feithicle). Ansin, caithfidh tú an próiseas clárúcháin a chríochnú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar an fheithicil isteach sa Stát.

Is féidir ceann de na modhanna seo a leanas a úsáid chun coinne a dhéanamh ag ionad ainmnithe NCT (nasc chuig liosta de na hionaid le léarscáileanna):

  • Ar líne Aon airithe VRT
  • Fón: 01-4135975
  • Poist: Iniúchadh um Cháin Cláraithe Feithiclí, 3026 Céide an Locha, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24

Cuirfear SMS, ríomhphost nó litir chugat ansin mar dhearbhú ar do choinne. Cinntigh le do thoil go bhfuil rud éigin agat, a thaispeánann do choinne dhaingnithe, nuair a úsáideann tú an fheithicil, go dtí go gcríochnófar an próiseas clárúcháin agus go dtaispeánfar an chláruimhir ar an fheithicil.

Ná déan dearmad:
Má chuireann tú an choinne dhaingnithe seo ar ceal nó má atheagraíonn tú í laistigh de cúig lá oibre (Luan - Aoine) roimh an dáta tástála (gan lá na tástála an lá a dul i dteagmháil leat NCTS), má theipeann ort teacht i láthair don tástáil nó má theipeann ort na doiciméid riachtanach a thabhairt leat, caithfidh tú formhuirear €51.62 (CBL san áireamh) a íoc ag an gcéad thástáil eile.

Is féidir aon fhiosrúcháin maidir leis an táille cealaithe a dhéanamh i scríbhinn chuig an Iniúchadh um Cháin Cláraithe Feithiclí, Céide an Locha 3026, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24.

Tabhair faoi deara, le do thoil, mura gcríochnaíonn tú do phróiseas clárúcháin laistigh den tréimhse 30 lá go bhféadfaí measúnú breise CCF a ardú don tréimhse a d’fhan an fheithicil neamhchláraithe sa Stát. Maidir leis seo, moltar duit seilbh a choinneáil ar na doiciméid a bhaineann le seoladh nó stóráil na feithicle nuair a bhíonn dáta an tsonraisc níos mó ná 30 lá níos luaithe ná an dáta clárúcháin. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh Oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim nó An Garda Síochána feithicil neamhchláraithe a choinneáil nó a urghabháil.

Ó 2020, tabharfar an muirear CCF ar fheithiclí Catagóir A cothrom le dáta chun go gcuirfí san áireamh muirear ar astaíochtaí NOx. Féadtar tuilleadh eolais a fháil air seo in Astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine.

Ba chóir do chustaiméirí a thabhairt dá n-aire nach mbeidh luach NOx ag deimhnithe V5C a eisítear tar éis Aibreán 2019. Ba chóir Deimhniú Comhréireachta a chur leo seo.

Má tá feithicil athláimhe ón tSeapáin á chlárú, tabhair an méid seo a leanas leat:

Nuair atá tú ag déanamh taighde ar an CO2 don fheithcil áirithe, ní mór go dtiocfaidh cur síos agus meachán na feithicle leis an méid a luaitear ar an Deimhniú Easpótála le cinntiú gur feidhmíodh an CO2 ceart.

Féadfaidh sé nach nglacfaí le doiciméid nach leagtar amach thuas. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leibhéal na n-astaíochtaí CO2 agus NOx a fhíorú.

Ní mór aistriúcháin dheimhnithe Béarla a bheith in éineacht le fianaise dhoiciméadach.

Tabhair do d'aire

Sa chás nach bhfuil fianaise ar astaíochtaí CO2 agus Nox na feithicle ag am a déanta ar fáil ag an gclárúchán, gearrfar CCF ag an ráta infheidhmithe is airde.

Faoi na rialacháin bonn, tabhaítear táille ar gach gluaisteán athláimhe allmhairithe agus gluaisrothair a chuirtear ar mhargadh na hÉireann den chéad uair chun an Costas Bainistíochta Comhshaoil ​​(EMC) a chlúdach ar bhoinn a bhaineann leis an bhfeithicil (lena n-áirítear aon bhoinn spártha). Bainistíonn Repak ELT bailiú agus athchúrsáil bonn gluaisteán paisinéara agus gluaisrothair agus tá an muirear seo chun torthaí bonn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil ​​de a mhaoiniú nuair a shroichfidh siad deireadh a ré úsáideach. I gcomhar le Applus Ireland, atá ceaptha ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC), baileofar na táillí EMC seo anois ag na 27 ionad iniúchta in Éirinn do gach feithicil dá leithéid a thagann isteach le haghaidh iniúchta CCF.

Tá an costas a bhaineann leis an EMC seo leagtha amach thíos agus an costas léirithe go soiléir ar d’admháil. 

  • Feithiclí €2.80 (0% CBL) in aghaidh an bhoinn
  • Gluaisrothair €1.50 (0% CBL) in aghaidh an bhoinn

CCF agus clárúchán

Ní mór gach mótarfheithicil sa Stát a chlárú taobh istigh de 30 lá ón dáta iontrála. Ní bhaineann an méid seo a leanas leis:

  • feithiclí áirithe coinnithe ag trádálaithe mótar údaraithe
  • agus
  • feithiclí a cláraíodh go heachtrach a thugtar isteach go sealadach agus iad á dtiomáint ag cuairteoirí chuig an Stát chun críocha neamhghnó.

Féadann duine atá cónaitheach sa Stát feithiclí atá cláraithe go heachtrach i gcúinsí eisceachtúla a thiomáint má bhaineann sé le húsáid gnó.

Gearrtar CCF sa chuid is mó de chásanna nuair a chláraítear feithicil sa Stát.

I gcásanna áirithe, féadtar díolúine iomlán nó páirteach ó CCF a fheidhmiú. Má tá d’áit chónaithe isteach á aistriú agat chuig an Stát, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal díolúine ó CCF. Tá roinnt coinníollacha ann (féach an lámhleabhar CCF in VRT Manual 02). Ba chóir iad seo a scrúdú go cúramach le feiceáil an bhfuil tú incháilithe.

An riachtanas chun cláraithe

Is cion é feithicil neamhchláraithe a thiomáint sa Stát. Mura gcláraíonn tú d’fheithicil, féadann na Coimisinéirí Ioncaim nó an Garda Síochán í a chur faoi choinneáil. Féadann na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith í a ghabháil agus féadtar í a scaoileadh saor ach pionós faoi rogha na gCoimisinéirí Ioncaim a íoc.

Cláraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna feithiclí ar son na gCoimisinéirí Ioncaim. Chun feithicil a chlárú, ní mór:

  • coinne a dhéanamh leis an SNTC taobh istigh de sheacht lá ón uair a thugann tú an fheithicil isteach sa Stát
  • agus
  • an fheithicil a chlárú taobh istigh de 30 lá ó í a thabhairt isteach sa Stát.

Íocfaidh tú CCF breise má loiceann tú an fheithicil a chlárú taobh istigh de 30 lá. Is gnách go dtagann sé seo aníos nuair nach gcuirtear ar fáil fianaise ar an dáta a thugtar an fheithicil isteach sa Stát.

Feithicil nua a chlárú

Ní mór Deimhniú Comhréireachta a chur isteach ar chóras ríomhaireachta na gCoimisinéirí Ioncaim sula bhféadtar feithicil nua a chlárú.

Is éard atá sa Deimhniú Comhréireachta ná eolas a chuireann déantóir ar fáil atá uathúil do gach feithicil a dhéantar. Go bunúsach, is dearbhú é an Deimhniú Comhréireachta ón déantóir go gcloíonn an fheithicil le caighdeáin an AE, sábháilteacht san áireamh.

An tionchar atá aige seo ort

Nuair atá feithiclí nua á gceannach agat sa Stát, déanfaidh an díoltóir an fheithicil a chlárú.

Taobh amuigh de sin, ní mór duit an fheithicil a chlárú tú féin. Ní mór duit an Deimhniú Comhréireachta a fháil, cibé i bhfoirm pháipéir nó leictreonach ón díoltóir. Ní mór duit seiceáil roimh ré go bhfuil Deimhniú Comhréireachta agus na doiciméid éigeantacha eile ag an díoltóir cairr roimh an gceannach.

Ní mór an Deimhniú Comhréireachta a chur isteach le moChúrsaí nó ROS. Má chuirtear an Deimhniú Comhréireachta ar fáil san fhormáid cheart XML, féadtar é a uaslódáil. Ní fhéadann ach an déantóir na Deimhnithe Comhréireachta XML a ghiniúint. Ní fhéadtar comhad PDF nó comhad Word a athrú chuig an bhformáid ceart. Féadtar an CoC a chur isteach de láimh. Cabhróidh an lámhleabhar seo leat: eCoC Procedures Manual.

Ní mór an Deimhniú Comhréireachta a uaslódáil roimh do choinne leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna.

Feithicil athláimhe a chlárú

Má tá feithicil á ceannach agat ó áit thar lear ní mór na doiciméid i leith an chlárúcháin eachtraigh a fháil ón díoltóir. Ba chóir duit seiceáil roimh ré go bhfuil an Deimhniú Comhréireachta agus na doiciméid éigeantacha eile ag díoltóir an chairr.

Is éard é an V5C ná doiciméad clárúcháin eachtrach de chuid na Ríochta Aontaithe. Tá riachtanais shonracha ag an Ríocht Aontaithe ann maidir le feithiclí a dhíol, féach ar an treoir atá acu ar fheithicil a dhíol in selling a vehicle. Tabhair do d’aire nár chóir ach an rannán ‘permanent export’ den V5C a sheoladh chuig an Driver and Vehicle Licensing Agency (DVLA) nuair a easpórtáiltear an fheithicil ón Ríocht Aontaithe. Tá sé ríthábhachtach go bhfaigheann tú an chuid eile den V5C ón díoltóir mar go dteastaíonn sé chun an fheithicil a chlárú sa Stát.

Tabhair do d’aire

Má loictear an doiciméad clárúcháin eachtrach ábhartha a chur ar fáil ag do choinne leis an SNTC, diúltófar don chlárú.

Eolas ginearálta maidir le clárú

Nuair a cheannaítear feithicil nua, déanfaidh an díoltóir mótar é a chlárú ag tráth an díola. Íocfaidh an díoltóir an Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) agus an Cháin Bhreisluacha (CBL) leis na Coimisinéirí Ioncaim. Dá bhrí sin, tá CCF agus CBL san áireamh sa phraghas iomlán a íoctar as an gcarr. Soláthróidh díoltóirí plátaí cláraithe chomh maith.

I ngach cás eile, ní mór duit d’fheithicil a chlárú ag Ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC). Ag an ionad SNTC, déanfaidh an t-oibreoir scrúdú ar an bhfeithicil agus ríomhfaidh an cháin iníoctha. Tar éis duit an cháin ábhartha dhlite a íoc, eiseofar uimhir chlárúcháin chugat.

Mótarcháin

Nuair a chríochnaítear clárú na feithicle, féadtar ansin an mhótarcháin a íoc agus deimhniú clárúcháin a bheith eisithe ina leith. Féach mótarcháin le haghaidh tuilleadh eolais.

Deimhnithe Clárúcháin Eachtracha

Is ón Ríocht Aontaithe a iompórtáiltear an chuid is mó de charranna athláimhe isteach sa Stát. Tá sé ríthábhachtach go bhfaighfeá leagan na Ríochta Aontaithe den Deimhniú Clárúcháin, is é sin an 'V5C', nó deimhniú easpórtála buaine nuair atá d’fheithicil á ceannach agat. Má loictear an Deimhniú Clárúcháin Eachtrach ábhartha a chur ar fáil, diúltófar don chlárú.

Tá teorainn ama 30 lá le feithiclí a chlárú sa Stát. Dá bhrí sin, ní mór do chustaiméirí cinntiú go bhfuil na doiciméid chearta acu ag tráth an scrúdaithe. Gearrfar muirir bhreise ar chlárúcháin a thosaítear tar éis na teorann ama 30 lá.

Astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2)

Ríomhtar an muirear CCF bunaithe ar astaíochtaí CO2. Dá airde astaíochtaí COdo chairr, is ea is mó an tsuim CCF iníoctha.

Ón 1 Aibreán 2020, ní thaispeántar ar na deimhnithe V5C ach astaíochtaí CO2 an Nóis Imeachta Tástála Domhanda d’Fheithiclí Éadroma (WLTP). De ghnáth bíonn astaíochtaí WLTP beagánín níos mó ná astaíochtaí na Sraithe Nua Eorpaí Tiomána (NEDC). Roimh an 1 Aibreán 2020, is ar an V5C a dearbhaíodh sean-astaíochtaí tástála an NEDC.

Nuair a chuireann tú d’fheithicil ar fáil le haghaidh cláraithe, úsáidfear an figiúr WLTP ar an V5C chun an cháin a ríomh.

Ón 1 Eanáir 2021, beidh gach clárúchán bunaithe ar an WLTP

Ní mór duit leibhéal na n-astaíochtaí CO2 a dhearbhú mar chuid den scrúdú clárúcháin. Seachas an t-áireamhán CCF, glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le faisnéis i leith astaíochtaí CO2 ar an gcoinníoll go bhfuil sé sna liostaí i measc na bhfoinsí seo a leanas:

Tá roinnt carranna níos sine ann a léirítear leibhéal na n-astaíochtaí CO2 ina lámhleabhar úinéara. Tá sonraí faoi astaíochtaí CO2 ag na Coimisinéirí Ioncaim ar bhreis agus 12,000 samhail ar an Áireamhán CCF. Ba chóir do chustaiméirí a thabhairt dá n-aire nach léiríonn sé seo ach sampla de na samhlacha is coitianta.

I gcás iompórtálacha triú tíre, glacfar leis na doiciméid seo a leanas:

  • An deimhniú clárúcháin roimhe seo
  • An Deimhniú Comhréireachta.

Ocsaíd Nítrigine (astaíochtaí NOx)

Ó 2020, tabharfar an muirear CCF ar fheithiclí Catagóir A cothrom le dáta chun go gcuirfí san áireamh muirear ar astaíochtaí NOx. Féadtar tuilleadh eolais a fháil air seo in Astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine.

Ba chóir do chustaiméirí a thabhairt dá n-aire nach mbeidh luach NOx ag deimhnithe V5C a eisítear tar éis Aibreán 2019. Ba chóir Deimhniú Comhréireachta a chur leo seo.

Má tá feithicil athláimhe ón tSeapáin á chlárú, tabhair an méid seo a leanas leat:

  • an Deimhniú Easpórtála de chuid na Seapáine
  • deimhniú ar leibhéal astaíochtaí CO2 ne feithicle ó Japanese Ministry of Land, Infrastructure and Transport website
  • agus
  • deimhniú ar leibhéal na n-astaíochtaí Nox ó Japanese Ministry of Land, Infrastructure and Transport website

Nuair atá tú ag déanamh taighde ar an CO2 don fheithcil áirithe, ní mór go dtiocfaidh cur síos agus meachán na feithicle leis an méid a luaitear ar an Deimhniú Easpótála le cinntiú gur feidhmíodh an CO2 ceart.

Féadfaidh sé nach nglacfaí le doiciméid nach leagtar amach thuas. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leibhéal na n-astaíochtaí CO2 agus NOx a fhíorú.

Ní mór aistriúcháin dheimhnithe Béarla a bheith in éineacht le fianaise dhoiciméadach.

 

Ní sholáthrófar an tseirbhís seo, ar son na gCoimisinéirí Ioncaim, ach ag 28 de na hionaid NCT atá ann i láthair na huaire.

Is féidir amharc ar threorléarscáil chuig an ionad thíos:

  • Arklow
  • Blarney
  • Ballinasloe
  • Ballymount
  • Carlow
  • Carrick-on-Shannon
  • Carndonagh
  • Donegal
  • Dundalk
  • Ennis
  • Enniscorthy
  • Galway
  • Greenhills
  • Kells
  • Kilkenny
  • Letterkenny
  • Limerick
  • Monaghan
  • Naas
  • Navan
  • Nenagh
  • Northpoint
  • Skibbereen
  • Sligo
  • Tralee
  • Tullamore
  • Waterford
  • Westport

 

Aithruithe nua a chlarú  feithicil ón  Eanair 02  2014

Bí ar an eolas, chomh maith leis na doiciméid riachtanach atá luaite thíos faoi, tá foirm Sonraí Ceannach Feithiclí (VRTVPD) a tastáil anois a comhlánú ag gach duine ar mian leo feithicil a chlárú.

Is ceanglas éigeantach an fhoirm seo agus ní mór iad a chomhlánú go hiomlán do gach feithicil roimh teacht ar an ionad tástála le haghaidh Clárúcháin. Gheobhaidh tú  Link chuig an fhoirm seo sa rannóg ábhartha thíos.

Chlarú  feithicil

D'fhonn aon fheithicil a chlárú, ní foláir duit cruthúnas aitheantais a thairiscint i bhfoirm ceadúnas tiomána nó pas agus uimhir PPS, chomh maith leis an doiciméadú riachtanach eile don chineál feithicle á clárú agat.

Caithfidh tú a bheith ábalta an uimhir fonnaidh a aimsiú freisin don iniúchóir feithiclí nuair a dhéanfar iniúchadh ar an fheithicil.

Tabhair faoi deara le do thoil i gcásanna áirithe nach féidir an praghas dliteanas ar fheithicil a chur ar ais ar an lá chéanna ,beidh ort teacht ar ais chuig an ionad VRT ar lá eile chun an an próiseas clárúcháin a chríochnú.

Tiocfaidh do fheithicil faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:
A) Feithicil Nua
B) Feithicil Smolchaite
C) Feithiclí den tSeanré

A) Feithicil Nua:

  1. Priontáil agus comhlánaigh an Fhoirm Dhearbhaithe seo a leanas chun Feithicil/Gluaisrothar nua nó smolchaite a Chlárú
  2. Le do thoil priontáil agus a líonadh amach an fhoirm VRTVPD2 d'fheithiclí Príobháideacha
  3. Deimhniú Comhréireachta ón Aontas Eorpach do Cheadú um Chineál Feithicle nó Deimhniú Comhréireachta IVA NASSTA. Ón 12 Meán Fómhair 2016 ar aghaidh, beidh ceangal dlí ar gach mótarfheithicil nua (i.e. feithiclí nach bhfuil cláraithe cheana) arna chur i láthair le haghaidh chláracháin Deimhniú Comhréireachta leictreonach (e-CoC) a bheith acu.
    ngach cás, ní mór duit leagan leictreonach den CoC a bheith agat i bhformáid XML (uaslódáil) nó leagan páipéir den CoC (ionchur) sula dtosaíonn tú ar an bpróiseas. Ní mór an e-CoC a uaslódáil nó a ionchur sula gcláraítear an fheithicil. Le haghaidh eolas agus treoir mhionsonraithe téigh chuig an Lámhleabhar Nósanna Imeachta e-CoC
  4. Sonrasc ar a léirítear an dáta ceannaigh/díolacháin go soiléir. Má tá tú ag chlárú feithicle ar son custaiméir eile , ní mhór duit litir sínithe a chuir ar fáil ón gcustaiméir á údarú gur féidir an fheithicle a chlárú ina ainm
    Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc, tabhair faoi deara le do thoil nach nglacfar ach le doiciméadú bunaidh)
  5. Uimhir Doiciméadú a dheimhníonn ainm agus seoladh ag an úinéir nua. Ní ghlacfar leis ach na doiciméid mar seo a leanas: P60, Ráiteas Bainc/Institiúde Airgeadais, Ráiteas Cárta Créidmheasa, Bille fontais (Leictreas, Gás, Soláthraí Seirbhíse Teilifíse eg SKY/ UPC, Bille fóin líne lána, agus Bille Fóin Phoca (Íoc bille amháin).

Bíodh a fhios agat nach nglacfar ach le búndoiciméadú agus ní mór dóibh gan bheith níos sine ná 6 mhí.

  1. I gcás feithiclí a allmhairíodh ó Thuaisceart Éireann, nuair a bhíonn an dáta ar an sonrasc níos sine ná 30 lá roimh an dáta ar tugadh an carr isteach chun é a chlárú, sonraí na háite inar stóráladh an fheithicil. le haghaigh fheithicil ceannaithe san EU, tá gá ar sonraí loingseoireacht chun deimhnigh an data teachta don fheithicil san stait.
  2. Nuair a dhéantar éileamh ar dhíolúine ó CCF, an deimhniú díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

 

Do shealbhóirí TAN:

Tabhair faoi deara le do thoil i gcásanna áirithe nach féidir an praghas dliteanas ar fheithicil a chur ar ais ar an lá chéanna ,beidh ort teacht ar ais chuig an ionad VRT ar lá eile chun an an próiseas clárúcháin a chríochnú.

  1. I gcás trádálaí údaraithe (Sealbhoir TAN ), is feithicil a chlárú ar son an gcustaiméir, is féidir leis / léi anois cur ar fáil a uimhir Custaiméara Ioncaim (uimhir Cáin Chorparáideach nó uimhir VAT) féin ar ar cheann an phaipear chomhlachta in áit an PPSN an duine ar ina ainm a bhfuil an fheithicil á chlárú, áfach, ní mór don déileálaí thabhairt cóip de bhille fóntais (gan níos sine ná 6 mhí) an chustaiméara agus leis liotar sinaithe on custameir ag urdu go bhfeidir an fheithicil a chlaru ina ainm fein.
  2. Le do thoil priontáil agus a líonadh amach an fhoirm VRTVPD1 le haghaidgh sealbhóirí  TAN amháin agus chomh maith a chinntiú a thabhairt duit ar an sonrasc don fheithicil a bhfuil tú ar an lá na cigireachta
  3. An duine ag chuir an fheithicil ar fail Iarradh orthu a ceadúnas tiomána bunúsach nó ar a pas a thabhairt ar aird, agus lies coip don teastais breithe no an teastais bunusach chomhlionta i gcas fheithicil nua.
  4. Tugann tu i grich do foirm Dearbhú do Chlárú feithicil nua / no úsáidtear.
  5. Ba chóir an uimhir VAT a chur ar fáil ar cheann an pháipéar chomhlachta

Ní foláir doiciméid thuas a thabhairt leat chun an fheithicil a chlárú nó ní chlárófar í gan iad seo a thaispeáint.

B) Feithicil Smolchaite:

  1. Priontáil agus comhlánaigh an Fhoirm Dhearbhaithe seo a leanas chun Feithicil/Gluaisrothar nua nó smolchaite a Chlárú
  2. Le do thoil priontáil agus a líonadh amach an fhoirm VRTVPD2 d'fheithiclí Príobháideacha
  3. Fianaise do clarúcháin roimhe seo. Mar shampla teastas clarúcháin iasachta nó teastas dí–chlarú i gcás fheithicil taréis a bheith importáilte ó thaobh amuigh don EU, mar is cuí, má bhí an charr cláraithe cheanna féin.(Ní féidir Teastas Feithicil Tarrthálais a úsáid chun fheithicil a chlárú ó 20ú Feabhra 2012). Más rud é nách raibh an carr cláraithe cheanna féin tá Teastas comhréireachta ag teastáil. (le do thoil , thabhairt leat áistriuchain béarla don doiciméid seo, beigh an doiciméid seo coinnithe san Ionad Tástáil chun beith cinnte go comaidéann thú cóip). Bíodh a fhios agat nach nglacfar ach le búndoiciméadú
  4. Sonrasc ar a léirítear an dáta ceannaigh/díolacháin go soiléir. Má tá tú ag chlárú feithicle ar son custaiméir eile , ní mhór duit litir sínithe a chuir ar fáil ón gcustaiméir á údarú gur féidir an fheithicle a chlárú ina ainm
  5. Uimhir Doiciméadú a dheimhníonn ainm agus seoladh ag an úinéir nua. Ní ghlacfar leis ach na doiciméid mar seo a leanas: P60, Ráiteas Bainc/Institiúde Airgeadais, Ráiteas Cárta Créidmheasa, Bille fontais (Leictreas, Gás, Soláthraí Seirbhíse Teilifíse eg SKY/UPC, Bille fóin líne lána, agus Bille Fóin Phoca (Íoc bille amháin). Bíodh a fhios agat nach nglacfar ach le búndoiciméadú agus ní mór dóibh gan bheith níos sine ná 6 mhí.
  6. Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an duine a chlárófar an fheithicil ina (h)ainm (Ní ghlacfar ach le doiciméadú oifigiúil i.e. Cárta Seirbhísí Sóisialta, P60)
  7. I gcás feithiclí a allmhairíodh ó Thuaisceart Éireann, nuair a bhíonn an dáta ar an sonrasc níos sine ná 30 lá roimh an dáta ar tugadh an carr isteach chun é a chlárú, sonraí na háite inar stóráladh an fheithicil. le haghaigh fheithicil ceannaithe san EU,tá gá ar sonraí loingseoireacht chun deimhnigh an data teachta don fheithicil san stait
  8. Nuair a dhéantar éileamh ar dhíolúine ó CCF, an deimhniú díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  9. Doiciméadú (ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim) ag daingniú leibhéal astúchán dé-ocsaíd charbóin na feithicle tráth a déantúsaíochta (Mura mbíonn an t-eolas seo ar fáil ar an deimhniú clárúcháin eachtrach). Mura mbíonn fianaise ar fáil agus an fheithicil á clárú a thaispeánann leibhéal astúchán dé-ocsaíd charbóin na feithicle tráth a déantúsaíochta, gearrfar CCF ort ag an ráta infheidhmithe is airde.

Do shealbhóirí TAN:

Tabhair faoi deara le do thoil i gcásanna áirithe nach féidir an praghas dliteanas ar fheithicil a chur ar ais ar an lá chéanna ,beidh ort teacht ar ais chuig an ionad VRT ar lá eile chun an an próiseas clárúcháin a chríochnú.

  1. I gcás trádálaí údaraithe (Sealbhoir TAN ), is feithicil a chlárú ar son an gcustaiméir, is féidir leis / léi anois cur ar fáil a uimhir Custaiméara Ioncaim (uimhir Cáin Chorparáideach nó uimhir VAT) féin ar ar cheann an phaipear chomhlachta in áit an PPSN an duine ar ina ainm a bhfuil an fheithicil á chlárú, áfach, ní mór don déileálaí thabhairt cóip de bhille fóntais (gan níos sine ná 6 mhí) an chustaiméara agus leis liotar sinaithe on custameir ag urdu go bhfeidir an fheithicil a chlaru ina ainm fein.
  2. Le do thoil priontáil agus a líonadh amach an fhoirm VRTVPD1 le haghaidgh sealbhóirí  TAN amháin agus chomh maith a chinntiú a thabhairt duit ar an sonrasc don fheithicil a bhfuil tú ar an lá na cigireachta
  3. Iarradh ar an an díoltóir a ceadúnas tiomána bunúsach nó ar a pas a thabhairt ar aird agus leis an teastas breithe bunúsach (nó CoC don feithcil).
  4. Tugann tu i grich do foirm Dearbhú do Chlárú feithicil nua / no úsáidtear.
  5. Níl aon gá sonrasc a thabhairt leat a thuilleadh.
  6. Ba chóir an uimhir VAT a chur ar fáil ar cheann an pháipéar chomhlachta

Ní foláir doiciméid thuas a thabhairt leat chun an fheithicil a chlárú nó ní chlárófar í gan iad seo a thaispeáint.

Ag brath ar aois na feithicle, b’fhéidir go nglaofar í le haghaidh tástála ródacmhainneachta go gairid tar éis a cláraithe

Feithiclí den tSeanré 

Ciallaíonn feithicil de tseanré, chun críocha CCF, feithicil a thaispeáintear le sásacht na gCoimisinéirí, a bheith 30 bliana d’aois nó os cionn ag an am chlárúcháin. Nuair a chuirtear feithicil de tseanré uathúil i láthair agus níl na doiciméid bhunaidh le fáil, glacfaidh an SNTC le dearbhú maidir le sonraíocht na feithicle ó eagraíocht nó chlub díograiseoirí a chuireann na sonraí cuí don chlárúchán ar fáil. D’fheadfaí sonraí breise a iarraidh chun aois agus ionannas na feithicle a shású. Caithfear na doicimeid sa liosta thuas a chur i láthair chomh maith.

 

Ag an ionad tástála sin, déanfar scrúdú ar an fheithicil chun a chinntiú gurb í an fheithicil chéanna a bhfuil cur síos ar a hairíonna sa doiciméadú tionlacain, mar shampla, uimhir aitheantais feithicle (VIN), cláruimhir (i gcás feithicle smolchaite), déantús, múnla agus leagan, méid an innill, líon na ndoirse, srl. Mura mbíonn an doiciméadú riachtanach ar fáil agus an scrúdú á dhéanamh, nó murab ionann sonraí na feithicle agus an doiciméadú, ní chlárófar í. Ina theannta sin, ní foláir íoc as táille atástála ar filleadh leis an doiciméadú ábhartha.

Nuair a fhaightear amach gur féidir an fheithicil a chlárú, tabharfar doiciméad duit le sonraí na feithicle agus iarrfar ort an doiciméad sin a shíniú. Daingníonn an doiciméad gur mian leat an fheithicil a chlárú mar a leagtar Agus é seo déanta, leagfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cláruimhir amach i leith na feithicle agus gheobhaidh tú an uimhir seo ón NCTS ar íocaíocht na gcánach iníoctha.

Tabhair faoi deara le do thoil más gá duit cuairt eile a thabhairt ar an ionad NCT, de bharr doiciméadaithe mhícheart nó ar iarraidh, go ndéanfar é seo ar do chostas féin.

I gcás carranna agus veaineanna beaga, is í an cháin ná céatadán den phraghas ionchais miondíola, lena n-áirírear na cánacha Stáit go léir. Tugtar Praghas Díola Margaidh Oscailte nó PDMO ar an bpraghas seo. Bunaithe ar shonraí na feithicle a chuireann an t-ionad NCT ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim tar éis scrúdú a dhéanamh ar an fheithicil, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin seo a mheas duit tráth a cláraithe. D'fhéadfá meastachán a fháil den CCF atá iníoctha ón gCóras Fiosrúcháin ar líne um Chlárúchán Feithiclí. Cé go bhfuil luacháil chruinn ag na Coimisinéirí Ioncaim do na feithiclí go léir ar a mbunachair shonraí, d'fhéadfadh difríocht mhór a bheith ann, de bharr an saghas déantús, múnlaí agus leaganacha atá ar fáil, idir an fheithicil a thugtar go dtí an t-ionad NCT chun í a chlárú agus feithicil dá samhail ar bhunachar sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim, a bheadh mar chúis le difríocht mhór sa CCF a ghearrfaí ort seachas an méid a raibh súil agat leis.

Seans nach n-aischuirfear praghas dliteanais ar fheithicil ar an lá céanna i ngach cás. D’fhéadfadh VRT breise a bheith iníoctha má fheistítear an fheithicil le breisiúcháin/oiriúintí inmhuirir agus d’fhéadfadh tuilleadh ama a bheith de dhíth ag na Coimisinéirí Ioncaim chun an méid breise seo a mheasúnú.

Baileoidh an tIonad NCT an muirear CCF (agus dliteanais chánacha eile) ar son na gCoimisinéirí Ioncaim freisin. Is féidir leat íoc as an muirear seo le

  • Dréacht Bainc , Ordú Poist (iníoctha Applus Inspection Services Ireland Ltd)
  • Airgead Tirim (€250 nó níos lú)
  • Cárta Dochair
  • Nó Cárta Creidmheasa ná American Express 
  • Seic Comhlachta leis huimhreacha TAN amhain (go teorainn € 10,000 is inioctha Applus Inspection Services Ireland Ltd)

Tabhair faoi deara go bhfuil an muirear CCF ardaithe ag na Comisinéirí Ioncaim agus ní bheidh foireann an SNTC in ann cabhrú leat le haon ceist maidir leis an muirear CCF.

Ní foláir do gach achomharc faoin méid CCF a ghearrtar ar charr impórtáilte agus a bhaineann leis an gcinneadh don luach inmhuirir nó Praghas Díola Margaidh Oscailte (PDMO) don fheithicil sa Stát a bheith curtha faoi bhráid na gComisinéirí Ioncaim. Seol d’achomhairc chuig:

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Achomhairc CCF
Ceantar Cánach Loch Garman
Oifigí an Rialtais
Sráid Áine
Loch Garman
Y35 E29K.

Tá tuilleadh eolais maidir le próiseas achomhairc na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil ag an nasc seo 

Nuair a ghlacann an NCTS leis an íocaíocht CCF (agus le dliteanais eile gan íoc), tabharfaidh an tIonad NCT an chláruimhir duit, ar leagadh amach i leith na feithicle ag na Coimisinéirí Ioncaim. Ní foláir an chláruimhir seo a thaispeáint san fhormáid fhorordaithe ar an fheithicil, laistigh de thrí lá ón dáta eisiúna. Tá sonraí le fáil ag Revenue maidir le formáid fhorordaithe na cláruimhreach.

Cuirtear d'iallach ar an déileálaí íoc as an CCF agus an fheithicil a chlárú sula dtugtar duit í. (Fanann na cúrsaí seo idir na déileálaithe agus a gcustaiméirí agus ní bhaineann siad leis na Coimisinéirí Ioncaim)

An deimhniú cláraithe feithiclí, a eisíonn an Roinn Iompair, cuirfear é ar an bpost chugat nuair a íocann tú do mhótarcháin le d'údarás áitiúil.

Agus iarratas á chur isteach agat ar mhótarcháin i leith feithicle nó gluaisrothair nua, ní foláir duit an doiciméad seo a leanas (RF 100) agus an táille chuí a thabhairt go dtí an Oifig Mótarchánach Áitiúil:

RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith feithicle nua
RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith gluaisrothair nua

Is féidir faoisimh agus díolúintí éagsúla ó CCF a fháil i gcúinsí áirithe. Tugtar cur síos ar na cúinsí seo i bhfógraí poiblí ar leith atá ar fáil ó Revenue nó ó aon Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Cuimsítear díolúine sna cúinsí seo a d'fhéadfadh feidhm a bheith aici i gcás:

Aistriú Cónaithe
Aistriú ar Ghníomhaíocht Gnó
Oidhreacht
Taidhleoireachta
Tá faoiseamh ar fáil freisin do dhaoine áirithe faoi mhíchumas, a chomhlíonann critéir shonraithe mhíochaine. Tá bileog eolais CCF 7 - Feithiclí do Dhaoine faoi Mhíchumas - Scéim Faoisimh Cánach ar fáil ó Revenue nó ó aon Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má cheapann tú go bhfuil díolúine ag dul duit, ní foláir duit teagmháil a dhéanamh ar dtús le hOifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim (féach na sonraí teagmhála ag www.revenue.ie) agus iarratas á chur isteach ar an díolúine. Próiseálfar an t-iarratas, agus an doiciméadú ábhartha ag gabháil leis (féach an lámhleabhar), laistigh de 10 lá oibre, agus má cheadaítear é, gheobhaidh tú litir ag daingniú go bhfuil an díolúine ag dul duit. Ní foláir duit an litir seo a thabhairt leat go dtí an tIonad NCT agus an fheithicil á clárú agat chun feidhm a bhaint as an díolúine.

Ní cheadófar díolúine ach amháin má thabharfar an litir seo go dtí an t-ionad NCT. Mura mbíonn an litir díolúine ar fáil agus an fheithicil á clárú (m.sh. cailleadh nó cuireadh as ionad í) gearrfar CCF iomlán ort. Aisíocfar í seo nuair a thabharfar an litir go dtí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Agus iarratas á chur isteach agat ar mhótarcháin i leith feithicle nó gluaisrothair nua, ní foláir duit an doiciméad seo a leanas (RF 100) agus an táille chuí a thabhairt go dtí an Oifig Mótarchánach Áitiúil:

RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith feithicle nua
RF 100 Iarratas ar Mhótarcháin i leith gluaisrothair nua

 

I gcás feithiclí Catagóir B agus C le níos lú ná 4 shuíochán

I gcás feithiclí i láthair le VRD agus deireann an Catagóir Feithicle (J ar an doiciméad VRD) N1 bheidh an torradh an phraghas atá bunaithe ar an aicme catagóir B. Má tá ceist agat maidir leis seo agus is dóigh gur chóir go mbeadh an fheithicil a bheith ina haicme Catagóir C, ansin taispeáin le do thoil an t-eolas seo a leanas:

  • An Mais Meáchan i Seirbhís (is féidir é seo a fháil ón pláta VIN ar an bhfeithicil. )
  • Ollmheáchan an feithicil (is féidir é seo a bheith sa lámhleabhar an feithicil nó is féidir a bheith i láthair chomh maith ar an VRD faoi F1 –an Mais uaisméad incheadaithe).


Mura féidir leat an t-eolas seo a fháil , ansin le do thoil faigh é seo ó droichead meáchain nó príomh dhéileálaí.

Más amhlaidh nach mbíonn tú sásta fós leis an táille a tugadh ar ais, ansin is féidir leat an taile a íoc agus achomhairc tríd an oifig chánach.

I gcás fheithicil á chur i láthair leis an catagóir feithicil mar M1 ach a bhfuil aistriú chun feithicil tráchtála curtha i gcrích agus gur mian leat é a bheith aicmithe mar chatagóir N1 ansin ní mór do chomhlánú an doiciméad seo a leanas a

Dearbhú an aithchóiriú ó unéir an fheithicil (SQI)

Is é SQI duine a bhfuil cáilíocht Innealtóireachta nó theicniúil (leibhéal 7) nó níos airde ná an creidiúnú cuí leis an Institiúid Innealtóirí na hÉireann nó ar an Institiúid Measúnóirí Innealtóir Feithicleach). Ní mór an dearbhú a tharraingt suas ar cheann- páipéar an SQI, ní mór a bheith inti ar a laghad, an t-ainm agus / nó gnó- ainm, seoladh, sonraí teagmhála agus uimhir na Coimisinéirí Ioncaim an SQI.

Togra chun tiontú ó Chatagóir M1 go dtí N1:

Sa chás ina bhfuil sé beartaithe catagóir AE feithicle a athrú ó M1 go dtí N1, ní mór d’Ionad Faofa Tástála de chuid an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an meáchan agus na toisí a dheimhniú, a gcuimsíonn a scóip - Tástáil: 48. Meáchan agus Toisí (seachas gluaisteáin phaisinéirí). Ní mór na toisí a thomhas leis an ngléas tomhaiste léasair agus a ríomh leis na bogearraí arna bhfaomhadh ag an NSAI chun toisí den sórt sin a thógáil. Ó 1 Deireadh Fómhair, 2016 ní mór é seo a dheimhniú sna cáipéisí deimhnithe tiontaithe. Measfar gur feithiclí M1 iad na feithiclí nach gcomhlíonann na critéir do Chatagóir AE N1.

Meáchan agus Toisí a d’eisigh an tIonad Tástála a chur isteach i dteannta leis an Dearbhú Oiriúnaithe san cásanna seo.

Tá fáil ar ATCanna an NSAI agus a gcuid scóipe anseo:

D'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniúchán Tástála 48. Meáchan agus Toisí a lorg i gcúinsí eile.

Ní Mhór go bhfuil ECWVTA (European Community Whole Vehicle Type Approval) nó NSSTA nó IVA ag GACH bus NUA chun a bheith cláraithe.Tá a tuilleadh eolais ar na hathruithe nua seo le fáil sa bileog seo a liostaíonn na dátaí ó nuair a bheidh fhormheasa éigeantach i gcomhair feithiclí chatagóirí éagsúla sular féidir iad a dhíol nó a cur i seirbhís, agus chomh maith sainmhínítear na catagóirí éagsúla feithiclí i gceist.

Féach freisin ar an Údarás Shábháilteacht Bhóithre le haghaidh a tuilleadh sonraí.

Má Sealbhóir TAN thú agus tá a laghad 15 feithiclí agat dlithe do iniúchadh VRT ansin is féidir an NCTS scocrú réamh-chigireacht soghluaiste go díreach chuig do áitreabh.

Beidh an táille €109.52 in aghaidh gach feithicle agus maidir le trádálaithe ni mhor go bhfuil gach uile (is abhartha) doiciméadúchán do gach feithiclí ar fáil ar lá na cigireachta.

Ta gá ag an NCTS gur féidir leat spás oifige a chur ar fáil agus ceangal idirlín díreach (gan "Firewalls" agus nách trí líonra áitiúil) ionas gur féidir le gach páipéarachas riachtanach a dhéanamh ar an lá.

Más mian leat leas a bhaint as an tseirbhís seo ansin dean teagmháil lenár líne áirithe VRT ar  01-4135975  agus bí cinnte go bhfuil an eolas seo a leanas ós do chomhair:

• Ainm an Comhlacht
• Seoladh
• Uimhir TAN
• Uimhir Teagmhála
• Líon na bhfeithiclí chun réamh- cigireachta.

Ní mór don chomhlacht a bheith cláraithe leis an oifig chláraithe chomhlachta in Éirinn agus go bhfuil uimhir chláraithe chomhlachta acu a fuair siad ón CRO (ní féidir le trádálaithe aonair nó comhpháirtíochtaí chlárú na feithicle ina n-ainm gnó).

Chomh maith leis na doiciméid a luaitear i gceist 3 thuas , tá na doiciméid seo a leanas teastáilta chomh maith.

  1. Ní mór don duine a thabhairt páipéar le ceannteidil comhalachta go bhfuil an t-ainm agus seoladh an gcomhlacht air ,chomh maith leis an uimhir comhlacht cláraithe air.
  2. Ar an páipéar ceannteidil -nóta á rá go bhfuil an rúnaí Comhlachta ag ligean an fheithicil a chlárú isteach an t-ainm comhlachta, mura bhfuil an fheithicil a bheith cláraithe ag an rúnaí ansin is gá iad a lua chomh maith ar an bpáipéar seo go dtugann siad an duine seo (Ní mór a ainmniú ar an ráiteas) an t-údarú a chlárú feithicle (Ní mór a thabhairt faoi deara an uimhir VIN ar an páipéar ceannteidil comhalachta ) in ainm an comhlacht.
  3. Más rud é go bhfuil uimhir VAT ag an gcomhlact ansin ba chóir é seo a bheith ar an gceannteidil an bpáipéar chomh maith.

Anois tá gá ar Innealraí soghluaiste a chur i láthair san NCTS ag am na gclarúcháin . Afach, I gcás áirithe níl gá ar Innealraí soghluaiste ata i gcomhréir le na Treoir Innealraí ábhartha a chur i láthair ag Ionaid NCT. I gcásanna mar seo ba comhair go bhfuil griangraf don innealra atá i gceist agus freisin griangraf don sraithuimhir san áireamh leis na doiciméid ábhartha.

Nil gá ar Innealra Soghluaiste a chur i láthair ag an NCTS don méid seo a leanas:

  • Gach innealra soghluaiste níos mó ná 5 tona
  • Craenacha soghluaiste
  • Ollscartairí
  • Dumpáirí
  • Innealraí Tógáil

Nuair atá coinne á dhéanamh leis an NCTS le haghaidh clarúcháin le do thoil dheimhniú más gá an innealra soghluaiste a iniúchadh.  Thabhairt na doiciméid innealra shoghluaiste féinghluaiste leat go dtí Ionad an NCTS ar lá an iniúchadh.

Cliceáil anseo chun a thuilleadh eolas a fháil ar clarúcháin Innealraí féinghluaiste agus na doiciméid is gá duit a thabhairt leat go dtí Ionad an NCTS ar lá an iniúchadh.

An féidir leis an NCTS glacadh le teastais dhátú le haghaidh feithiclí roimh 1981?

Ní mór deimhniú clárúcháin bunaidh a sholáthar i ngach cás. Féadfar aird a thabhairt ar dheimhniú dátaithe oiriúnach mar rogha dheiridh, ach amháin i gcásanna nach bhfuil fianaise inghlactha curtha ar fáil ag an gcustaiméir a mhíníonn easnamh an bhuntaifead clárúcháin feithicle e.g. ráiteas scríofa ó údarás clárúcháin na tíre roimhe sin ag soiléiriú an scéil.

 

An gá dom doiciméid chlárúcháin a sholáthar do gach gluaisrothar ó 1981 ar aghaidh?

Tá. Go háirithe, cásanna ina bhfuil rothar athaimsithe/ath-thógtha i seid, is dócha go bhfuil sé cláraithe sa stát cheana féin. Ba cheart don chustaiméir na taifid seo a shaothrú le DTTAS, ar an gcéad dul síos, agus na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun an clárúchán a chur i ngníomh arís. Ní cásanna de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim iad seo. Más ó thír eile a tháinig an fheithicil, ní mór don chustaiméir déileáil leis an údarás coibhneasta sa tír thionscnaimh, ar dtús. I ngach cás den sórt sin, is é doiciméad clárúcháin bunaidh an príomhriachtanas.

 

An iarrfaidh an cigire soilse, coscáin & odaiméadair a fheiceáil ar gach seanfheithicil?

Is féidir, níl aon chúis ann gan a bheith ag súil leis na gnáthfheistí coimhdeacha a bhaineann le feithiclí bóthair a urramú, fiú i gcás feithiclí atá 30 bliain nó níos sine. Agus aird chuí á tabhairt ar Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre, is gnáthchomhpháirt é luasmhéadar, mar shampla, i ngluaisrothar nó i gcarr. I gcásanna amhrais, ba chóir don chustaiméir tagairt a dhéanamh do Chaighdeáin Feithicle chun a gceadú i scríbhinn a fháil go bhfuil an fheithicil oiriúnach le haghaidh clárúcháin/oiriúnach le húsáid ar bhóithre. Tá foráil sa reachtaíocht do chlárú feithiclí atá deartha agus tógtha go cuí le haghaidh úsáid bóithre. Éilítear ar fheithiclí ceanglais na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre a chomhlíonadh agus tá íoschaighdeáin tógála i bhfeidhm. I gcásanna amhrais, ba cheart do chustaiméirí tagairt a dhéanamh don ghníomhaireacht ghaolmhar

Maidir le Feithiclí a iompórtáladh ó Thuaisceart Éireann / ón mBreatain Mhór, beidh an TNG ag teastáil leis an bhfeithicil an chéad lá a cláraíodh in Éirinn í  Baineann sé seo le gach feithicil ceithre bliana d'aois a mbeidh TNG ag teastáil léi gach dhá bhliain agus ansin gach bliain do gach carr a thagann i láthair le haghaidh a 10ú lá cuimhneacháin nó a TNG ina dhiaidh sin.

Innealra a chlárú

Ní gá meaisíní soghluaiste áirithe a chlárú. Folaíonn siad seo feithiclí soghluaiste:

  • nach mbreathnaítear orthu mar mhodh iompair le haghaidh earraí nó paisinéirí
  • agus
  • nach bhfuil bunaithe ar ghnáthfhonnadh trucaile.

Seo a leanas roinnt samplaí:

  • rollóirí bóthair
  • plánóirí bóthair
  • pábhóirí bóthair
  • lódairí cúlghrafóige
  • innill tochailte
  • craenacha soghluaiste móra
  • ardán rochtana soghluaiste féinghluaiste (cliabhán ardaithe – gan a bheith suite ar fheithicil).

Innealra nach mór a chlárú

Aon fheithiclí a ndéantar cur síos orthu mar innealra soghluaiste ach atá suite ar fhonnadh trucaile thraidisiúnta, teastaíonn iad a chlárú. Má bhaineann Deimhniú Comhréireachta le feithicil, beidh sí faoi réir cineálcheadú an Aontais Eorpaigh. Ní mór aon fheithicil atá faoi réir cineálcheadú an Aontais Eorpaigh a chlárú. Tá feidhm ag an ngnáth nós imeachta um chlárúchán.

Ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (ÚCNÉ) mura bhfuil Deimhniú Comhréireachta ar fáil ón déantóir bunaidh.

Clárúchán Lámháltais innealra shoghluaiste féinghluaiste

Aon innealra soghluaiste féinghluaiste nach gá a chlárú, féadtar iad a chlárú de bhun lamháltais. Go ginearálta leanann iarratas clárúcháin ar inneall soghluaiste an gnáth-nós imeachta um chlárú. Ní bheidh Deimhniú Comhréireachta ar fáil, áfach.

Más inneall nua an t-inneall soghluaiste, ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis an iarratas clárúcháin:

  • Dearbhú Comhréireachta faoi Treoir um Innealra
  • agus
  • dearbhú ón déantóir nó dáileoir go gcloíonn an t-inneall le riachtanais na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre.

Ní mór go gcloíonn innealra soghluaiste leis na rialacháin seo a leanas:

Má thagann an meaisín faoi scóip na Treorach um Innealra Soghluaiste Neamhbhóthair, ní mór an Dearbhú Comhréireachta ábhartha maidir leis na hastaíochtaí a bheith aige.

Má úsáideadh an fheithicil, ach murar cláraíodh í, beidh na doiciméid leagtha amach thuas ag teastáil. Sannfar innéacs bliana bunaithe ar an dáta céadiontrála úsáide.

Má úsáideadh í, agus má cláraíodh roimhe seo í, teastaíonn an doiciméad clárúcháin eachtrach.

Innealra soghluaiste féinghluaiste a thaispeáint

Is gá innealra soghluaiste a thabhairt chuig an gcoinne ag an Ionad an SNTC, seachas sna cásanna seo a leanas:

  • gach innealra soghluaiste os cionn 5 thonna
  • craenacha soghluaiste
  • ollscartairí
  • dumpairí
  • innealra tógála.

Deimhnigh nach gá an fheithicil a chur i láthair go fisiciúil ag an ionad agus coinne á dhéanamh.

Ní mór grianghraif den mhír innealra áirithe, lena n-áirítear an uimhir aitheantais feithicle (VIN), a sholáthar.