Maidir Linne

Applus +
Is cuideachta é Applus+ atá amuigh chun tosaigh i dtaobh seirbhísí tástála, cigireachta, deimhniúcháin agus seirbhísí teicneolaíochta, agus is é an chéad chuideachta Spáinneach ilnáisiúnta san earnáil deimhniúcháin.
Is é an príomhchuspóir atá againn a bheith inár dtagarmharc domhanda don ghnó deimhniúcháin. Dá bhrí sin, déanaimid caighdeáin nua a fhorbairt agus a bhunú le cabhair ónár saineolaithe gairmiúla agus trí leas a bhaint as teicneolaíocht úrscothach.
Tá Applus+ ar cheann de na hoibreoirí is mó ar domhan i dtaobh cigireacht ar fheithiclí agus déanann sé níos mó ná 17 milliún cigireacht in aghaidh na bliana sa Spáinn, san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus i Meiriceá Laidineach.
Faoi láthair tá níos mó ná 2,000 duine fostaithe ag Applus+ i réimse na cigireachta, tá ionaid aige i 5 mhór-roinn agus soláthraíonn sé seirbhísí i níos mó ná 25 earnáil.
Tá cáil chorparáideach Applus+ i measc na sócmhainní is luachmhaire atá ag ár ngrúpa agus ina phríomhchuid d’fhorbairtí seirbhíse. Dá bhrí sin, tá neamhchlaontacht, neamhspleáchas agus ardchaighdeáin mar bhunchlocha dár gCód Eitice.
Tá ár gcaighdeáin mar ghné thábhachtach den Tástáil Náisiúnta Gluaisteán. Má mheasann tú nár cloíodh le hardcaighdeáin na seirbhíse nó má theastaíonn uait sárú féideartha ar ár gCód Eitice nó rialachán eile a chur in iúl dúinn, cuir chugainn é ag baint úsáide as ár gcainéal Eitice agus Comhlíonta ar líne.
Deiseanna Fostaíochta:
Ó am go chéile bíonn deiseanna fostaíochta á dtairiscint againn sna róil seo a leanas:
- Cigire Feithiclí
- Gníomhaire Cúraim Custaiméirí
- Gníomhaire Áirithinte sa Lárionad Glaonna
Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé nach bhfuil folúntas againn don phost thuas ag an am a bhfuil tú ag déanamh iarratais, ach coinneofar do curriculum vitae ar feadh roinnt míonna. Má bhíonn do chuid scileanna agus an taithí atá agat ag teacht lenár gcritéir, d'fhéadfadh sé go gcuirfí glaoch chun agallaimh ort.
Tuarascáil ar Bhearna Pá idir na hInscní
Tá lúcháir orainn ár dTuarascáil Pá Inscne 2023 a roinnt, táimid tiomanta d’ionad oibre ionchuimsitheach a chruthú inar féidir le fir agus mná araon a lánacmhainneacht a bhaint amach. Is féidir na tuarascálacha a fheiceáil agus a íoslódáil anseo