Ceisteanna Coitianta
Má tá do charr incháilithe don NCT (féach an chairt tástála thíos), cuir glaoch orainn ar 014135992 nó úsáid an tsaoráid ar líne. Beidh cárta creidmheasa nó cárta dochair ag teastáil uait. Níl le déanamh ach cláruimhir do chairr agus an t-aitheantas áirithinte (atá ag barr na litreach Áirithinte NCT) nó dáta chéadchláraithe na feithicle (atá ar do leabhar cláraithe feithicle, do dheimhniú cláraithe nó do dheimhniú ceadúnaithe).
Más mian leat a fháil amach cén uair a bheidh an NCT le cur ar d'fheithicil, féach ar an iarratas maidir le Meabhrúchán NCT
I gcás carranna nach raibh ar an mbóthar nó nach raibh cáin orthu le breis is 3 mhí anuas, ní mór d'úinéir na feithicle teagmháil dhíreach a dhéanamh le NCT.
Beidh feidhm ag an méid thuas mura bhfuil luath-thástáil dheonach déanta ar an bhfeithicil i dtimthriall TNG roimhe seo
Is féidir leat d’fheithicil a chur le liosta tosaíochta trínár n-áis áirithinte gréasáin nó ár n-ionad glaonna muna bhfuil tú in ann coinne cuí a fháil ag d’ionad tástála. Déanfaidh NCTS a ndícheall chun freastal ort le ham agus dáta a bheidh áisiúil duit.
Ceadaíonn Rialacháin an NCT gur féidir carr a thástáil suas le 90 lá roimh dháta dlite na tástála gan cur isteach ar dháta éaga an deimhnithe a eisíodh. Tá an córas seo i bhfeidhm chun a chinntiú go mbíonn go leor ama ag gach úinéir a gcuid feithiclí a thástáil go rathúil sula dtéann an deimhniú reatha in éag.
An mbeidh tionchar ag NCT neamhchríochnaithe ar m'árachas cairr?
D’fhógair Insurance Ireland go mbeidh a gcomhaltaí pragmatach agus tuisceanach ina gcur chuige i leith na moilleanna reatha ag an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Gluaisteán (NCTS). Leanfar le cumhdach a chur ar fáil nuair nach féidir le custaiméirí, gan aon locht orthu féin, coinne NCT a fháil.
Éilíonn an reachtaíocht um árachas gluaisteáin agus um thrácht ar bhóithre go gcoimeádfadh tiománaithe a gcuid feithiclí i riocht ródacmhainneachta i gcónaí agus seasann é sin fós. Faoi na cúinsí reatha, ar choinníoll go ndéanann tiománaithe gach iarracht chun coinní a chur in áirithe ar an ngnáthbhealach, aithneoidh cuideachtaí árachais nach é an custaiméir an locht atá ar an gceist faoi láthair.
Is é an táille NCT ná €60 Euro le haghaidh tástála iomláine agus cosnaíonn aththástáil €40 Euro (tá CBL san áireamh sa dá tháille agus braitheann sé ar athraithe). Déanfar aththástálacha, nach gá trealamh tástála a úsáid, saor in aisce. Clúdaíonn aththástálacha saor in aisce earraí, mar shampla, iniúchadh amhairc chun sheiceáil gur athraíodh cuimilteoirí gaothscátha lochtacha.
Má chealaíonn tú / atheagraíonn tú coinne deimhnithe le foláireamh níos lú ná cúig lá oibre (Luan - Aoine, gan lá na tástála a áireamh) nó mura bhfuil tú i láthair don táistáil, gearrfar táille €24.00 ort. Maidir le coinní athsceidealaithe, caithfear é seo a íoc ag áirithint an táistáil athsceidealaithe. Má roghnaíonn tú an coinne a chealú nó má theipeann ort a bheith i láthair, aisíocfar an méid réamhíoctha leat lúide an táille cealaithe i.e. Eiseofar aisíocaíocht de €36.00. Beidh formhuirear €16.00 den chineál céanna i bhfeidhm i gcás atástála agus aisíocfar €24.00 leat.
Glacfaidh NCTS le hairgead tirim, léasair/cártaí dochair agus gach mórchárta creidmheasa (seachas American Express).
Réamhíocaíocht don NCT
Baintear an táille tástála ó do chárta creidmheasa/dochair nuair a bheidh an coinne curtha in áirithe deimhnithe. Féach ar an Doiciméad Ceisteanna Coitianta seo a chabhróidh leat le haon cheisteanna maidir le saoráid réamhíocaíochta ar líne NCTS
Má dhíolann tú d’fheithicil roimh an NCT, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú teagmháil le NCTS a luaithe agus is féidir toisc go ndéanann tú an méid a íocadh nó go dtabhóidh tú táille gan seó. má mhainnítear an fheithicil a thíolacadh.
Check NCT Due Date/ieFuair mé síneadh ama 4 mhí ar mo TNG, conas is féidir liom an dáta dlite nua don Tástáil TNG a sheiceáil?
Tá na NCT tar éis uasdátú a dhéanamh ar an dáta nua NCT do gach feithicil a cháiligh don síneadh ama 4 mhí mar a d’fhógair an tAire. Iarrtar ar chustaiméirí dáta dlite a dtástála NCT a sheiceáil.
Ní bhaineann síneadh ama na ndátaí dlite NCT ach le feithiclí a bhfuil dáta dlite tástála an 28 Márta 2020 nó níos déanaí acu.
*Níl gach Gluaisteán a cláraíodh den chéad uair an 1 Lúnasa 2016 nó dá éis sin i dteideal síneadh ama 4 mhí a fháil.
Baintear an táille tástála ó do chárta creidmheasa/dochair nuair a bheidh an coinne curtha in áirithe deimhnithe.
Féach ar an Doiciméad Ceisteanna Coitianta seo a chabhróidh leat le haon cheisteanna maidir le saoráid réamhíocaíochta ar líne NCTS.
Má dhíolann tú d’fheithicil roimh an NCT, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú teagmháil le NCTS a luaithe agus is féidir toisc go ndéanann tú an méid a íocadh nó go dtabhóidh tú táille gan seó. má mhainnítear an fheithicil a thíolacadh.
Tá 50 Ionad NCT ar fud na hÉireann a bunaíodh d'aontoisc chun tástáil a dhéanamh ar charranna. Cliceáil anseo chun liosta iomlán na n-ionad tástála NCT a fheiceáil.
Níl baint ar bith acu le garáistí ná leis an mótarthionscal. I gcás tiománaithe aonair a bhfuil a gcarranna incháilithe don tástáil, féadfaidh siad an t-ionad is gaire dóibh a roghnú nó aon cheann de na 50 n-ionad.
Is féidir leat liosta iomlán uaireanta oscailte agus dúnta gach ceann de na hionaid NCT a fheiceáil ach cliceáil anseo agus an t-ionad cuí a roghnú.
Tabhair faoi deara go bhféadfadh amanna oscailte agus dúnta éagsúla a bheith ag na hionaid éagsúla toisc go mbíonn sealanna oibre agus am lóin difriúil ag gach ionad.
Más gá duit filleadh ar an ionad tástála i gcomhair cigireacht amhairc, is é sin nach bhfuil gá le coinne toisc nach mbainfear leas as trealamh tástála lána, mholfaimis duit na hamanna oscailte agus dúnta a dheimhniú leis an ionad roimh ré. Tabhair faoi deara nach bhfuil amanna sosa san áireamh sna huaireanta oscailte atá le feiceáil anseo. D'fhéadfadh am sosa a bheith 12:30 agus 14:00, agus idir 17:00 agus 18.30 ar an Aoine. D'fhéadfadh ionad a bheith dúnta ar feadh tréimhse thart ar 15 nóiméad idir sealanna oibre, rud a tharlaíonn de ghnáth idir 16:00 agus 17:00. Má theastaíonn soiléiriú uair i dtaobh uaireanta oscailte, cuir glaoch ar ár n-ionad teagmhála ar 014135992 le do thoil.
Ullmhaigh le haghaidh na tástála le do thoil tríd an méid seo a leanas a chinntiú: Íoslódáil seicliosta
1. Go bhfuil a dhóthain ola agus uisce i do charr.
2. Go bhfuil an búit folamh agus nach bhfuil giuirléidí, ar nós suíochán linbh atá inbhainte, ar na suíocháin. Má tá suíochán linbh sa charr tráth an NCT, seiceálfar go bhfuil sé suiteáilte mar is ceart.
3. Go bhfuil an fheithicil réasúnta glan (go háirithe an fho-chabhail).
4. Gur baineadh na molchaidhpeanna de na rothaí (mura bhfuil na rothchnónna le feiceáil) agus go bhfuil brú na mbonn mar is ceart dó a bheith.5.
5. Go bhfuil an t-inneall i staid oiriúnach lena thástáil, m.sh. ceamchrios/crios comhuainiúcháin. D'fhéadfaí iarraidh ort séanadh a shíniú ag an ionad tástála.
6. Go bhfuil na criosanna sábhála agus na fáiscíní le feiceáil go hiomlán.
7. Go bhfuil d’uimhirphlátaí ag cloí leis na rialacháin reatha.
8. Molann NCTS go ndéanfar do shoilse a sheiceáil agus a shocrú roimh an NCT.
9. An té a thabharfaidh an carr i gcomhair cigireachta, cinntigh le do thoil go dtabharfaidh sé nó sí ceadúnas tiomána leis nó léi mar aitheantas, ós rud é nach n-eiseofar teastas NCT i leith na feithicle tráth na tástála má theipeann air nó uirthi an t-aitheantas atá de dhíth a thaispeáint.
10. Go bhfuil d'fheithicil ag gnáth-theocht oibríochta sula dtiocfaidh tú chuig an tástáil
Go dtabharfaidh tú leat do leabhar cláraithe feithicle, do dheimhniú clárúcháin nó do dheimhniú ceadúnaithe, agus an táille thástála!
Go mbainfidh tú gach rud luachmhar agus do chuid giuirléidí ón bhfeithicil roimh an NCT.
Chun a chinntiú go mbeidh tú i láthair don choinne, molaimid duit a shocrú go mbeidh tú i láthair 10 nóiméad roimh ré. Má theipeann ort é sin a dhéanamh, b’fhéidir go mbeadh ort coinne eile a dhéanamh le haghaidh lá eile agus táille cealaithe a íoc.
Íoslódáil cóip den bhileog eolais NCT nó féach ar ár bhfíseán gearr faoi ullmhú le haghaidh do NCT, agus tabhair aird ar leith ar ailíniú na gceannsoilse, astaíochtaí sceite agus feidhmíocht na gcoscán.
Tá na hearraí le tástáil sonraithe i dTreoir an AE 2009/40/EC.
Foilsíodh an Lámhleabhar um Thástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG) le mionsonraí ar chaighdeáin an tástála ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus tá sé ar fáil le haghaidh Íoslódáil ar an suíomh seo.
I gcomhréir le Treoir 2014/45AE agus ón 13 Lúnasa 2018 ar aghaidh déanfar lochtanna a aicmiú ina mion-lochtanna, mór-lochtanna nó ina lochtanna dainséaracha. Taispeánfar san fhormáid sin iad i do Thuairisc ar Scrúdú Feithicle TNG.
Miontoradh
Má fhaigheann custaiméir an toradh sin, fuair an fheithicil pas sa tástáil agus taifeadadh mion-lochtanna. Tá ar an gcustaiméir na lochtanna sin a chur á ndeisiú. Tá ar an gcustaiméir an fheithicil a chur faoi ath-scrúdú sula n-eiseofar Deimhniú TNG
Príomhthoradh
Aicmithe roimhe seo mar Diúltú Teipeadh:
Cuirfear in iúl don chustaiméir gur theip ar an bhfeithicil sa tástáil TNG. Beidh 30 lá ag úinéir na feithicle chun an mhír a chur á deisiú agus í a thabhairt ar ais chuig an ionad i gcomhair ath-scrúdú. Ní eiseofar an deimhniú TNG go dtí go dtabharfar an fheithicil ar ais i gcomhair scrúdú.
Mura soláthraítear an feithicil laistigh tréimhse 30 lá, ansin is gá iniúchadh nua a dhéanamh
Toradh Contúirteach
Más rud é gur theip ar fheithicil de dheasca locht dainséarach atá ina riosca díreach láithreach do shábháilteacht bhóithre ar shlí nár chóir an fheithicil a úsáid ar an mbóthar ar chúinse ar bith.
Cuirfidh an cigire feithicle greamán ar an bhfeithicil ar a gcuirtear in iúl teip, dainséarach. Caithfear an fheithicil a chur i láthair le haghaidh ath-scrúdú agus Toradh Pas a fháil sula n-eiseofar Deimhniú TNG.
Tá sé mídhleathach agus mí-shábháilte má thiomáineann tiománaí feithicil ar a bhfuil locht dainséarach, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an t-úinéir pointí pionóis a thabhú agus go mbeadh air nó uirthi dul chun cúirte má bheireann An Garda Síochána air nó uirthi.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na míreanna a ndéantar scrúdú orthu sa TNG, breathnaigh ar Lámhleabhar TNG
Tá Díriú an Cheannsolais ar cheann de na cúiseanna is coitianta a dteiptear an TNG. In 2024, theip ar 140,602 (5.03%) feithicil san iomlán sa TNG mar gheall ar Dhíriú an Cheannsolais.
Tá roinnt seiceálacha is féidir leat a dhéanamh roimh an TNG, cuir i gcás:
- Na soilse a sheiceáil agus a shocrú roimh an TNG ach d’fheithiclí a thabhairt chuig an díoltóir gluaisteán áitiúil agus a iarraidh orthu-san díriú an cheannsolais a sheiceáil duit.
- A chinntiú nach bhfuil comhdhlúthú uisce ar an gceannsolas, go bhfuil an lionsa glan agus go bhfuil bail mhaith ar an bhfrithchaiteoir.
- Má athraíodh an bolgán an cheannsolais le déanaí, déan deimhin de go bhfuil an bolgán ailínithe i gceart in aonad an cheannsolais.
- A dheimhniú go bhfuil an ceannsolas daingean san aonad
- A dheimhniú go maolaítear na ceannsoilse ar thaobh na láimhe deise chun a chinntiú go gcomhlíonann siad an ceanglas dlí
- A dheimhniú go bhfuil díriú an cheannsolais de réir threoracha an déantóra
Ar deireadh thiar thall, deimhin a dhéanamh de go bhfuil an brú ceart aeir sna boinn óir d'fhéadfadh sé sin dul i bhfeidhm ar na torthaí TNG a gheofaí lá na tástála.
Ní mór gach atástáil a chur in áirithe laistigh de 21 lá ón tástáil bhunaidh. Ní bheidh táille i gceist i gcás atástálacha nach bhfuil lána tástála de dhíth ina leith. I gcás atástálacha nach ngearrfar táille ina leith, clúdófar mionmhíreanna amhairc, amhail cuimilteoir gaothscátha agus plátaí clárúcháin a athrú. Ní mór atástálacha a chur i gcrích laistigh de 30 lá ón tástáil bhunaidh. Mura ndéantar é sin, ní mór an tástáil iomlán a dhéanamh arís agus íoc aisti arís.
Cuir in áirithe d'atástáil Anois
Chun cabhrú leat a thuiscint cén fáth ar theip ar d'fheithicil sa NCT, féadfar míniú gairid ar an Tuairisc Chigireachta Feithicle a fháil ach cliceáil anseo.
I gcomhréir le Treoir 2014/45 AE agus ón 13 Lúnasa 2018 ar aghaidh déanfar lochtanna a aicmiú ina mion-lochtanna, mór-lochtanna nó ina lochtanna dainséaracha. Taispeánfar san fhormáid sin iad i do Thuairisc ar Scrúdú Feithicle NCT.
Toradh Mion-lochta
Má fhaigheann custaiméir an toradh sin fuair an fheithicil pas sa tástáil agus taifeadadh mion-lochtanna. Tá ar an gcustaiméir na lochtanna sin a chur á ndeisiú. Tá ar an gcustaiméir an fheithicil a chur faoi ath-scrúdú sula n-eiseofar Deimhniú NCT.
Toradh Mór-lochta
Aicmíodh é sin mar Theip/Diúltú roimhe seo:
Cuirfear in iúl don chustaiméir gur theip ar an bhfeithicil sa tástáil NCT. Beidh 30 lá ag úinéir na feithicle chun an mhír a chur á deisiú agus í a thabhairt ar ais chuig an ionad i gcomhair ath-scrúdú. Ní eiseofar an deimhniú NCT go dtí go dtabharfar an fheithicil ar ais i gcomhair scrúdú.
Mura gcuirfear an fheithicil i láthair laistigh den tréimhse 30 lá ní mór scrúdú nua a dhéanamh
Toradh Lochta Dhainséaraigh
Más rud é gur theip ar fheithicil de dheasca locht dainséarach atá ina riosca díreach láithreach do shábháilteacht bhóithre ar shlí nár chóir an fheithicil a úsáid ar an mbóthar ar chúinse ar bith.
Cuirfidh an cigire feithicle greamán ar an bhfeithicil ar a gcuirtear in iúl teip, dainséarach. Caithfear an fheithicil a chur i láthair le haghaidh ath-scrúdú agus Toradh Pas a fháil sula n-eiseofar Deimhniú NCT.
Tá sé mídhleathach agus mí-shábháilte má thiomáineann tiománaí feithicil ar a bhfuil locht dainséarach, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an t-úinéir pointí pionóis a thabhú agus go mbeadh air nó uirthi dul chun cúirte má bheireann An Garda Síochána air nó uirthi.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na míreanna a ndéantar scrúdú orthu san NCT i Lámhleabhar TNG
Gearáin
Má tá gné ar bith den tseirbhís uainn nach bhfuil tú sásta léi, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh, agus spreagaimid thú an méid sin a dhéanamh.
Is féidir an méid sin a dhéanamh trí chur síos iomlán a dhéanamh ar do ghearán ar Fhoirm Ghearáin (QP 009/1) atá le fáil ón Ionad Tástála nó ar an teileafón ón Rannóg Seirbhíse do Chustaiméirí. Ba chóir an fhoirm a chur ar an bpost chuig an seoladh thíos. Mar mhalairt air sin, is féidir leat do ghearán a chur in iúl go díreach don Rannóg Seirbhíse do Chustaiméirí ar an teileafón ar (01) 4135994.
Déanfar do ghearán a imscrúdú, agus eiseofar freagra lenár gcuid torthaí laistigh de 2 sheachtain ó fuarthas an gearán uait.
Customer Service Department
NCTS,
Lakedrive 3026
Citywest Business Campus
Dublin 24
Tá sé de cheart agat Gearán a dhéanamh nó Achomharc a lorg de bharr nár eisíodh Teastas Tástála duit.
Má mheasann tú gur diúltaíodh go héagórach Teastas NCT a thabhairt duit, ba cheart duit labhairt ar dtús leis an té atá i mbun údaráis san Ionad Tástála, sula n-imeoidh tú. Ach é sin a dhéanamh, is minic a dhéantar soiléiriú ar mhíthuiscintí simplí.
Má mheasann tú, tar éis duit an t-ionad tástála a fhágáil, gur diúltaíodh go héagórach Teastas NCT a thabhairt duit, ba cheart duit filleadh ar an ionad tástála agus labhairt leis an té atá i mbun údaráis ansin.
Ionas gur féidir achomharc a bhreithniú go héifeachtach, ní mór go mbeadh an fheithicil, nuair a thugtar isteach arís í, sa staid chéanna ina raibh sí tráth na tástála. Arís eile, is minic a dhéantar soiléiriú ar mhíthuiscintí simplí má dhéantar amhlaidh.
Mura bhfaigheann tú réiteach ar d'fhadhb leis an gcur chuige sin, ba cheart duit foirm ghearán a chomhlánú, ina bhfuil cur síos soiléir ar d'ábhar imní, agus í a chur faoi bhráid Rannóg NCTS um Sheirbhís do Chustaiméirí ag an seoladh thuas. Tá foirmeacha gearán ar fáil ag d'Ionad NCT áitiúil. Déanfaidh Rannóg NCTS um Sheirbhís do Chustaiméirí do ghearán a imscrúdú agus seolfar freagra chugat laistigh de 2 sheachtain.
Más rud é, ina dhiaidh sin, go gceapann tú gur diúltaíodh go héagórach Teastas Tástála a thabhairt duit, féadfaidh tú Achomharc Foirmiúil i scríbhinn a thaisceadh leis an mBord Neamhspleách Achomharc, Achomhairc NCT, Rannóg Theicniúil an AA, Unit D, Merrywell Business Park, Ballymount Road Lower, D12 F1H2. Is féidir leat freisin glaoch a chur orthu ar 01 617 9000 nó ríomhphost a sheoladh go dtí Technical@theaa.ie.
Is féidir Achomharc a dhéanamh sa Chúirt Dúiche chomh maith.
Cuirtear i bhfeidhm na caighdeáin astaíochtaí ag brath ar an mbliain a cláraíodh an fheithicil atá ag dul faoi thástáil. Braitheann na teorainneacha a chuirtear i bhfeidhm ar bhliain na déantúsaíochta.
Más mian le húinéirí feithicle an fheithicil a thabhairt i láthair i gcomhair cigireachta níos mó ná 90 lá roimh dháta dlite an NCT, beidh cead acu anois é sin a dhéanamh.
Sa chás sin gheobhaidh an fheithicil teastas a bheidh bailí ar feadh 2 bhliain (nó 1 bhliain amháin ag brath ar aois na feithicle) ón dáta ar a n-éireoidh léi sa tástáil.
Chun cáiliú don Luath-Thástáil Dheonach ní mór don fheithicil PAS a bhaint amach sa NCT níos mó ná 90 lá roimh an dáta ar a bhfuil an tástáil dlite
Feithiclí a chuirfear i láthair don chéad NCT ag 4 bliana, beidh siad faoi réir na rialacha céanna a bhaineann le feithiclí d'aon aois eile. Tabhair faoi deara go bhfuil sé sin ina athrú ar an riail faoinar ceadaíodh feithiclí a bhí á gcur i láthair le haghaidh a gcéad tástála ag 4 bliana a chur i láthair suas le 6 mhí (180 lá) luath.
Féadfar tástáil a dhéanamh ar fheithiclí níos lú ná 2 bhliain d'aois a chuirtear i láthair don NCT (ní thabharfar teastas do na feithiclí sin ach gheobhaidh siad tuairisc chigireachta feithicle) agus beidh an chéad NCT eile fós dlite 4 bliana tar éis dháta an chéadchlárúcháin.
Feithiclí atá idir 2 bliain agus 4 bliana d'aois, gheobhaidh siad teastas a bheidh bailí ar feadh 2 bhliain go dtí cothrom lae na tástála ar éirigh léi, más amhlaidh go ndéanfar tástáil orthu breis is 90 lá roimh chothrom ceithre bliana an chéadchlárúcháin.
Ní bheidh tionchar ag an athrú sin ar fheithiclí a ndéanfar tástáil orthu in am (is é sin le rá, laistigh de 90 lá ón dáta dlite tástála nó an tástáil deich mbliana) nó a ndéanfar tástáil dhéanach orthu, agus eiseofar teastas bliana ó dháta éaga an NCT reatha.
Féach ar an íomhá thíos i gcomhair samplaí den Luath-Thástáil Dheonach agus féachaint conas is féidir le d'fheithicil a bheith incháilithe.
Tá cuid mhór déanta ag an BXR ar son na sábháilteachta ar bhóithre na hÉireann. Trí luath-thástáil dheonach, cuirfear tuilleadh feabhais ar shábháilteacht bhóithre na hÉireann tríd úinéirí gluaisteán agus lucht díolta gluaisteán a spreagadh chun tástáil a dhéanamh ar a gcuid feithiclí níos minice – d'fhéadfadh sé sin dul chun tairbhe do cheannaitheoirí gluaisteán athláimhe go háirithe. Ina theannta sin, beidh an luath-thástáil dheonach ina cúnamh maidir leis an éileamh ar thástálacha a scaipeadh ar fud na bliana.
I gcás ina mbeidh luath-thástáil dheonach déanta ar fheithicil cheana féin agus a bhfuil dáta dlite nua leagtha síos i gcomhair tástála, más amhlaidh go n-éireoidh leis an bhfeithicil sa tástáil laistigh de 90 lá ón chothrom 10 mbliana an chéadchlárúcháin, eiseofar teastas a bheidh bailí go dtí 11 bhliain tar éis an chéadchlárúcháin, agus leagfar síos cothrom lae an chéadchlárúcháin mar dháta dlite na tástála.
Déanann an Supervisory Service Contractor agus Technical Services Provider maoirsiú agus monatóireacht ar an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) thar ceann an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Feidhmíonn an líonra Ionad NCT go neamhspleách ar an mótarthionscal agus ar líonra na ngaráistí, rud a chinntíonn comhsheasmhacht na tástála ar fud na tíre.
Déanann soláthraí an trealaimh dianchalabrú rialta ar an trealamh tástála agus ní mór do NCTS na taifid calabraithe i leith ár dtrealamh tástála go léir a chur faoi bhráid an Chumainn Gluaisteán. Déanann innealtóirí de chuid an Technical Services Provider monatóireacht agus maoirsiú ar sheiceálacha comhsheasmhachta ar an trealamh tástála.
Leagtar síos caighdeáin aonfhoirmeacha sa Lámhleabhar TNG
Mar pháirt dár ngealltanas leanúnach do caighdeáin a fheabhsú san TNG, d’fhéadfadh feithiclí a roghnú le haghaidh seiceáil rialaithe cáilíochta. Éilíonn an próiseas seo feithiclí a bhfuil TNG bhailí acu dul faoi chigireacht tástáil iomlán arís saor in aisce. Chomh maith leis na seiceálacha seachtracha a dhéantar mar atá sonraithe thuas, déanann NCTS a gcuid iniúchtaí inmheánacha cuimsitheacha féin freisin, ina gclúdaítear seiceálacha ar nós monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas tástála, athbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar ghearáin ó chustaiméirí agus measúnuithe rialta ar na cigirí.
Seans gur mhaith leat breathnú ar an liosta iomlán rialuithe cáilíochta lena rialaítear feidhmiú na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Gluaisteán
Is féidir le húinéirí cláraithe ceachtar den dá cheann thuas a athsholáthar ar tháille €15.50.
Ní mór don úinéir cláraithe mou dul chuig do stáisiún na nGardaí i do cheantar féin agus foirm RF134 a iarraidh. Ní mór do na Gardaí an fhoirm sin a stampáil agus a shíniú. Seol ar ais an fhoirm chomhlánaithe sin, in éineacht le do dhiosca gaothscátha nó do Theastas NCT, cibé ceann acu atá fós agat, agus dréacht bainc nó ordú poist is iníoctha le Applus Car Testing Service Ltd., chuig:
Riarthóir na dTeastas Tástála,
NCTS, Céide an Locha 3026,
Campas Gnó Iarthar na Cathrach,
Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24
Chun Tuairisc nua NCT a fháil, ní féidir le húinéirí cláraithe ach scríobh isteach le cláruimhir an ghluaisteáin, a dhéanamh agus a mhúnla agus sonraí an úinéara, in éineacht leis an táille €15.50, chuig Riarthóir na dTeastas Tástála ag an seoladh thuas. D'fhéadfadh na táillí sin a bheith faoi réir athraithe
Tá An Garda Síochána freagrach as forfheidhmiú, agus tá rochtain ag na gardaí ar ár dtaifid.
Ní mór do gach carr incháilithe Diosca TNG a thaispeáint ar a ngaothscáthanna, ionas go n-aithneofar láithreach cé na carranna ar éirigh leo sa tástáil
Is GÁ, má tá sé in aois faoina bhfuil sé incháilithe don TNG in Éirinn. Tagann carranna iompórtáilte faoi dhá chatagóir agus braitheann sé sin ar cén uair a thugtar isteach go hÉirinn iad. Chun faisnéis níos sainiúla a fháil ar na catagóirí sin déan teagmháil le Rannóg na Seirbhísí Custaiméara NCT ar 01-4135994.
Tá tuilleadh eolais faoi iompórtáil d'fheithicle ar an rannóg CCF den suíomh gréasáin seo agus ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim
Maidir le Feithiclí a iompórtáladh ó Thuaisceart Éireann / ón mBreatain Mhór, beidh an TNG ag teastáil leis an bhfeithicil an chéad lá a cláraíodh in Éirinn í Baineann sé seo le gach feithicil ceithre bliana d'aois a mbeidh TNG ag teastáil léi gach dhá bhliain agus ansin gach bliain do gach carr a thagann i láthair le haghaidh a 10ú lá cuimhneacháin nó a TNG ina dhiaidh sin.
Níl mótarfheithiclí a úsáidtear ach ar oileáin nach bhfuil nasctha leis an mórthír de bhóthar agus mótarfheithiclí de chuid na bhFórsaí Armtha, an Gharda Síochána nó an tSeirbhís Dóiteáin faoi réir ag tástáil éigeantach ródacmhainneachta faoi láthair.
Tá feithiclí a cláraíodh roimh 1 Eanáir 1980 nó a bhfuil cothrom daichead bliain a gcéad chlárú bainte amach acu díolmhaithe ón tástáil freisin.
Ní mór gach Feithicil Earraí Troma agus Éadrom a iniúchadh ag ionad VTN ceadaithe agus NACH ag ionad NCTS.
Tabhair faoi deara: Aicmítear Feithiclí Earraí Éadroma mar seo a leanas: níl siad in ann ach dhá phaisinéir a iompar, níl aon fhuinneoga taoibh cúil acu agus níl aon doirse cúil ag feidhmiú.
Má tá d'fheithicil idir 30-39 bliain d'aois (bunaithe ar dháta chéadchlárúcháin na feithicle) agus mura bhfuil d’fheithicil á húsáid agat chun críche tráchtála, ní mór di tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh gach dhá bhliain anois seachas gach bliain.
Má tá d'fheithicil á húsáid agat chun críche tráchtála, mar fheithicil bainise ar fruiliú, níl aon athrú ar mhinicíocht na tástála agus ní mór duit leanúint ar aghaidh leis an bhfeithicil a thástáil gach bliain.
s ea, tástáiltear tacaí tarraingthe anois mar chuid den TNG.Is ceanglas anois é go ndéanaimid aschur aon soicéad leantóra atá feistithe d'fheithicil a sheiceáil agus go ndéanaimid pionna/liathróid tarraingthe na feithicle a thomhas le haghaidh caithimh Tá eolas níos mine le fáil i Lámhleabhar TNG
Tástáil OBD
Is córas ríomhaireachta istigh i bhfeithicil é Córas Diagnóise Ar Bord (OBD) a dhéanann feidhmíocht chairr a rianú agus a rialú. Bailíonn sé faisnéis ó bhraiteoirí taobh istigh den fheithicil, chun fógra a thabhairt d’úsáideoir maidir le fadhb, go minic sula n-éiríonn sé ina cheist mhór.
Ón 21ú Mheithimh, beidh tástáil OBD mar earra iniúchta sa TNG. Cuirfear é i bhfeidhm ar bhonn céimnithe. Ar dtús, nuair a bhraitear cód earráide OBD eascróidh sé i bhfeithicil ag fáil “Pas Comhairleach”.
Tá an t-iniúchadh gasta agus éasca, déanfaidh an Cigire Feithicle TNG scanóir OBD a phlugáil isteach i bport ríomhaire OBD feithicle aitheanta mar DLC (nascóir naisc sonraí). De ghnáth is féidir teacht ar an bport sin faoin roth stiúrtha ach d’fhéadfaí freisin teacht air i raca lámhainne na feithicle.
Léireoidh an scanóir OBD go gasta an bhfuil cóid earráide ann, agus cuidíonn sé is tugann sé fógraí don Cigire Feithicle maidir le lochtanna féideartha san fheithicil.
Ionas gur féidir le NCTS iniúchadh a dhéanamh, iarraimid ar chustaiméirí:
- Raca lámhainne a dhíghlásáil agus earraí pearsanta a bhaint amach as roimh an TNG.
- Aon ghléasanna a úsáideann port OBD san fheithicil a bhaint roimh an TNG.
Déanfaidh scanóir OBD scanadh ar chóras OBD i gcomhair:
1. Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN)
Leis an scanóir OBD, deimhneoidh an Cigire Feithicle go bhfuil an VIN léite ag an scanóir ODB ag meaitseáil leis an uimhir san fheithicil. Cé nach dteipfidh air má bhíonn difríocht ann, déanfar taifead ar an OBD VIN léite ar an VIR (Tuarascáil Iniúchta Feithicle) eisithe chuig an gcustaiméir.
2. Léamh an Odaiméadair
Déanfaidh an Cigire Feithicle taifead ar léamh an odaiméadair le linn an tástála. Deimhneoidh siad freisin an léamh le scanóir OBD agus tabharfar fógra do chustaiméirí maidir leis an dá léamh ar a dtuarascáil VIR.
3. Córas Coscánaithe Leictreonaigh (EBS)
Déanfar taifead ar aon chód earráide leis an gcóras coscánaithe leictreonaigh ar an dTuarascáil Iniúchta Feithicle (VIR) soláthraithe chuig an gcustaiméir i ndiaidh a n-iniúchadh TNG.
4. Córas Coscánaithe Frith-ghlasála (ABS)
Déanfar taifead ar aon chód earráide leis an gcóras coscánaithe frith-ghlasála ar an dTuarascáil Iniúchta Feithicle (VIR) soláthraithe chuig an gcustaiméir i ndiaidh a n-iniúchadh TNG.
Cé go mbeidh feithiclí le cóid earráide taifeadta ar dtús mar ‘Phas Comhairleach’, molann an NCTS go láidir go mbeifear ag dul i ngleic le aon chóid earráide ag an ndeisitheoir feithicle. In ainneoin sin, ní gá an fheithicil a thabhairt ar ais i gcomhair ath-iniúchta, do na earraí sin amháin.
Molaímid duit idirbheartú le do mheicneoir/garáiste áitiúil trealmhaithe le trealamh diagnóise riachtanach chun an scanadh sin a dhéanamh roimh TNG a lorg.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na míreanna a ndéantar scrúdú orthu sa TNG i Lámhleabhar TNG
Bíonn an NCT dlite cothrom an lae a chláraigh tú den chéad uair. Ní mór do gach carr a bhfuil ceithre bliana aice dul faoi NCT, le tástálacha dlite gach dhá bhliain, agus ansin go bliantúil do gach carr atá dlite 10 bliain tar éis, nó ag a chéad NCT eile, gheobhaidh na feithiclí sin deimhniú atá bailí go dtí cothrom an lae an chéad chlárúcháin. Má tá aois 30-39 mbliana ag d’fheithicil (bunaithe ar an dáta ar cláraíodh an fheithicil ar dtús) agus mura bhfuil an fheithicil á húsáid chun críocha tráchtála, ní mór di dul faoi thástáil ródacmhainneachta gach dhá bhliain, seachas gach bliain.
Níl feithiclí a bhfuil níos mó ná 40 bliain acu faoi dhliteanas tástála.
Bíonn feidhm ag an méid thuasluaite, seachas:
- Rinneadh Voluntary Early Inspection ar an bhfeithicil, is é sin nuair a chuirtear an fheithicil faoi iniúchadh níos mó ná 90 lá sula dtéann a NCT reatha in éag. Nuair a tharlaíonn sé seo, socraítear an dáta dlite tástála nua ag brath ar an dáta a éiríonn leis an bhfeithicil sa NCT
- Cháiligh an fheithicil don síneadh 4 mí a fógraíodh le linn COVID, fuair na feithiclí seo síneadh 4 mí agus dáta dlite tástála nua
- Má iompórtáladh an fheithicil le déanaí, socraítear dáta dlite don tástáil mar seo a leanas:
- Mura bhfuil 4 bliana ag an bhfeithicil ar an dáta a iompórtáiltear í, socraítear a ndáta dlite tástála NCT de réir an dáta a iompórtáladh í sa tír
- Má tá 4 bliana nó níos mó ag an bhfeithicil agus NCT de dhíth aici, socrófar an dáta dlite NCT de réir an dáta a dhéanann an fheithicil an tástáil NCT agus a éiríonn léi.
- Bhí an fheithicil cláraithe mar thacsaí nó feithicil seirbhíse poiblí roimhe seo, sa chás seo, socrófar an dáta dlite NCT ar an dáta a théann NCT reatha na feithicle in éag
Is féidir le custaiméirí seiceáil cathain a bheidh a NCT dlite nó cathain a théann a NCT reatha in éag tríd an NCT Checker App.