Cuir in Áirithe nó Bainistigh an TNG

Ní haon bhuntáiste duit é an TNG a chur siar

Ar bhonn dháta dlite do thástála, is féidir le TNG do theastas a eisiúint suas le 90 lá luath


Más mian le húinéirí feithicle an fheithicil a thabhairt i láthair i gcomhair cigireachta níos mó ná 90 lá roimh dháta dlite an TNG, beidh cead acu anois é sin a dhéanamh.


Sa chás sin gheobhaidh an fheithicil teastas a mbeidh feidhm aige ar feadh 2 bhliain (nó 1 bhliain i gcás feithicle atá 10 mbliana d'aois nó níos sine) ón dáta ar a n-éireoidh léi sa tástáil.

Modhanna Áirithinte Eile

Tá foireann thiomanta againn atá ar fáil chun cabhrú leat do thástáil a chur in áirithe. Níl le déanamh agat ach glaoch ar an Líne Áirithinte ar 01-4135992 idir 8r.n. agus 8i.n. (Luan-Déardaoin) nó idir 8r.n. agus 6i.n. (ar an Aoine) chun coinne a dhéanamh, a athrú nó a chur ar ceal.

Seol do cheist chuig bookings@ncts.ie le do thoil

Féadfaidh iarratas ar áirithint, iarratas ar áirithint a chur ar ceal, nó ceisteanna a chur ar an bpost chuig:
Rannóg na nÁirithintí
An tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán
Campas Gnó Iarthar na Cathrach,
Céide an Locha 3026,
Bóthar an Náis,
Baile Átha Cliath 24
(NÁ SEOL CHUIG AN IONAD TNG É)
Más ag scríobh atá tú, ná déan dearmad d'aitheantas áirithinte agus d'uimhir theileafóin a lua más féidir

Ná déan dearmad

De réir mar a bhíonn tú ag atheagrú/ag cealú ceapacháin dheimhnithe, mura dtugann tú fógra 5 lá oibre (Dé Luain - Dé hAoine, gan lá na tástála san áireamh), nó mura dtagann tú i láthair gearrfar táille de €24.00 ort maidir le hiniúchadh tréimhsiúil nó €16.00 maidir le hiniúchadh atástála. Maidir le coinní athsceidealaithe, caithfear é seo a íoc tráth an athsceidealaithe. Maidir le coinní curtha ar ceal, forghéillfidh tú €24.00 le haghaidh iniúchadh tréimhsiúil, agus aisíocfar €36.00 leat. Beidh formhuirear €16.00 den chineál céanna i bhfeidhm i gcás atástála agus aisíocfar €24.00 leat.


Is féidir aon cheist maidir leis an táille cealaithe a chur i scríbhinn chuig an Rannóg Seirbhíse do Chustaiméirí, An tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán, Céide an Locha 3026, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24.


Ní mór gach ATÁSTÁIL a chur in áirithe laistigh de 21 lá ón tástáil bhunaidh. Ní bheidh táille ar bith i gceist i gcás atástálacha nach bhfuil lána tástála de dhíth ina leith. I gcás atástálacha nach ngearrfar táille ina leith, clúdófar mionmhíreanna amhairc, amhail cuimilteoir gaothscátha agus plátaí clárúcháin a athrú.


Ní mór atástálacha a chur i gcrích laistigh de 30 lá ón tástáil bhunaidh. Mura ndéantar é sin, ní mór an tástáil iomlán a dhéanamh arís agus íoc aisti arís.