Tástála Náisiúnta Gluaisteán
Tá trí phríomhbhuntáiste ag an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán.
Faoin TNG, déantar na bunriachtanais a sheiceáil tráth na tástála. Déantar measúnú ar chomhpháirteanna ar féidir iad a fheiceáil agus teacht orthu. Ní thógann sí áit na freagrachta atá ort a chinntiú go bhfuil do charr ródacmhainneach i gcónaí, ná áit na cothabhála rialta nach mór do mheicneoir a dhéanamh ar do charr, ná ní airbheartaítear go dtógfadh sí a n-áit siúd. Ní mór na lochtanna a aimsítear a dheisiú agus ní mór go bpasálfadh an carr atástáil sula n-eiseofar Teastas TNG d'úinéir an chairr.
Tá an gás díobhálach a astaítear ó sceithphíopaí feithiclí i measc phríomhfhoinsí truaillithe an chomhshaoil agus bíonn drochthionchar aige ar an gcomhshaol agus ar shláinte an phobail. Carr atá rialaithe i gceart, beidh sé níos iontaofa, rithfidh sé níos fearr agus ba chóir go n-úsáidfeadh sé níos lú breosla.
Tá deiseanna fostaíochta curtha ar fáil ag STNG do thart ar 800 duine ar fud na hÉireann. Chruthaigh an TNG seachthairbhí d'earnálacha eile den mhótarthionscal, lena n-áirítear garáistí, allmhaireoirí, díoltóirí carranna agus páirteanna gluaisteán, ionaid sceite agus ionaid bonn.
Buntáistí don Phobal agus don Mhótarthionscal
A. Tá an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán ag cabhrú líon na dtimpistí bóthair a laghdú trí fhabhtanna ar nós coscáin lochtacha, boinn chaite agus ceannsoilse nach bhfuil dírithe i gceart a chur ar a súile do dhaoine.
B. Déantar an TNG gach 2 bhliain i gcás feithiclí níos lú ná 10 mbliana d'aois agus, i gcás feithiclí atá á gcur i láthair i gcomhair cigireachta agus iad 10 mbliana d'aois nó níos mó, ní mór dóibh dul faoi chigireacht bhliantúil. De bharr an mheasúnaithe rialta sin ar charranna, cothófar cultúr ina ndéanfar seirbhísiú níos minice ar charranna, rud a chuideoidh le barainneacht breosla, a laghdóidh costais fhoriomlána deisiúcháin agus a laghdóidh an baol go gclisfidh ar an gcarr, rud a d'fhéadfadh préimheanna árachais a laghdú.
C. Feabhas ar cháilíocht an aeir agus ar cháilíocht an chomhshaoil de bharr astaíochtaí sceite laghdaithe.
Déanann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre teagmháil le sampla custaiméirí chun taighde a dhéanamh ar sheirbhís do chustaiméirí. Mura mian leat go ndéanfaí teagmháil leat chun tabhairt faoi thaighde ar sheirbhís do chustaiméirí, seol d'ainm agus do sheoladh le do thoil chuig: surveyoptout@rsa.ie agus ní chuirfear d'ainm san áireamh in aon suirbhéanna amach anseo.