Gearán & Achomhairc

Gearán

Má tá gné ar bith den tseirbhís uainn nach bhfuil tú sásta léi, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh, agus spreagaimid thú chun sin a dhéanamh.


Is féidir an méid sin a dhéanamh trí chur síos iomlán a dhéanamh ar do ghearán ar Fhoirm Gearáin (QP 009/1) ar féidir í a fháil ón Ionad Tástála nó ar an teileafón ón Rannóg Seirbhíse do Chustaiméirí. Ba chóir an fhoirm a sheoladh chuig an seoladh thíos. Mar mhalairt air sin, is féidir leat do ghearán a chur in iúl go díreach don Rannóg Seirbhíse do Chustaiméirí ar an teileafón ar (01) 413 5994.


Déanfar do ghearán a imscrúdú, agus eiseofar freagra lenár gcuid torthaí laistigh de 2 sheachtain ó fuarthas an gearán uait      

 

National Car Testing Service

Customer Service Department,
Lakedrive 3026,
Citywest Business Campus,
Naas Road,
Dublin 24.

Fón 014135994 or E-mail: info@ncts.ie

Achomhairc

Má mheasann tú gur diúltaíodh go héagórach Teastas NCT a thabhairt duit, ba cheart duit labhairt ar dtús leis an té atá i mbun údaráis san Ionad Tástála, sula n-imeoidh tú. Má dhéantar amhlaidh, is minic a dhéantar soiléiriú ar mhíthuiscintí simplí.

Má mheasann tú, tar éis duit an t-ionad tástála a fhágáil, gur diúltaíodh go héagórach Teastas NCT a thabhairt duit, ba cheart duit filleadh ar an ionad tástála agus labhairt leis an té atá i mbun údaráis ansin. Ionas gur féidir achomharc a bhreithniú go héifeachtach, ní mór go mbeadh an fheithicil, nuair a thugtar isteach arís í, sa staid chéanna ina raibh sí tráth na tástála. Arís eile, má dhéantar amhlaidh, is minic a dhéantar soiléiriú ar mhíthuiscintí simplí.

Mura bhfaigheann tú réiteach ar d'fhadhb leis an gcur chuige sin, ba cheart duit foirm gearán a chomhlánú, ina bhfuil cur síos soiléir ar d'ábhar cúraim, agus í a chur faoi bhráid Rannóg an NCTS um Sheirbhís do Chustaiméirí ag an seoladh thuas.  Tá foirmeacha gearán ar fáil ag d'Ionad NCT áitiúil. Déanfaidh Rannóg an NCTS um Sheirbhís do Chustaiméirí do ghearán a imscrúdú agus seolfar freagra chugat laistigh de 2 sheachtain.

Más amhlaidh, ina dhiaidh sin, go gceapann tú gur diúltaíodh go héagórach Teastas Tástála a thabhairt dhuit, féadfaidh tú Achomharc Foirmiúil i scríbhinn a thaisceadh leis an mBord Neamhspleách Achomharc (IAB), Achomhairc NCT,  AA Technical Department, Rescue Operations Centre, Unit D, Merrywell Business Park, Ballymount Road Lower, D12 F1H2. Is féidir leat freisin glaoch a chur orthu ar 01 617 9000 nó ríomhphost a sheoladh go dtí Technical@theaa.ie.

Nuair a dhéanfaidh tú d'Achomharc a thaisceadh leis an IAB, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort Táille Achomhairc a íoc arb ionann í agus an Táille a ghearrtar ar Thástáil Iomlán. Má sheastar le d'Achomharc, aisíocfar an Táille Achomhairc sin leat ina hiomláine.

Is féidir Achomharc a thaisceadh sa Chúirt Dúiche chomh maith.