Cairt na gCustaiméirí
Cairt na gCustaiméirí
Tá sé mar aidhm againn (NCTS) seirbhís tástála carr neamhspleách agus proifisiúnta a chur ar fáil, rud a chuireann le sábháilteacht d’fheithicle agus a léiríonn ár dtiomantas chun ardchaighdeáin seirbhíse a chur ar fáil do chustaiméirí. Tá seans go rachfaidh iniúchóir neamhspleách, atá údaraithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun taighde a dhéanamh maidir le seirbhís do chustaiméirí, i dteagmháil leat ó am go chéile chun do thuairimí faoi ghnéithe den tseirbhís a iarraidh.
Caighdeáin Seirbhíse do Chustaiméirí
-
Tá sé mar aidhm againn caitheamh go cúirtéiseach agus go measúil lenár gcustaiméirí i gcónaí. Bímid ag súil leis an leibhéal céanna cúirtéise ónar gcustaiméirí leis ár bhfoireann.
-
Tá sé mar aidhm againn rátáil sástachta custaiméirí de 90% ar a laghad a bhaint amach.
-
Glacaimid le háirithintí déanta ar líne, tríd an bpost, ar an bhfón, trí ríomhphost nó go pearsanta.
-
Tá sé mar aidhm againn freagairt do ghlaonna gutháin laistigh de 15 soicind.
-
Tá sé mar aidhm againn cinntiú go mbíonn an meántréimhse feithimh do choinne in ionad NCT ar leith níos lú ná nó cothrom le 15 lá. Murar féidir coinne a thairiscint duit laistigh de thréimhse 28 lá, tabharfar tástáil saor in aisce duit, seachas sna cásanna seo a leanas:
o tá an tástáil níos mó ná 7 lá thar téarma ag an am a théann tú i dteagmháil linn;
o tairgeadh coinne 7 lá nó níos mó roimh dáta dlite na tástála;
o rinne tú iarratais sonracha maidir le laethanta, amanna nó dátaí oiriúnacha;
o dhiúltaigh tú nó d’athraigh tú dhá choinne nó níos mó;
o theip ort frestal ar choinne, nó
o ghlac tú le nó d’iarr tú coinne lasmuigh den tréimhse 28 lá cheana féin.Níl aon ráthaíocht ann do choinne tástála le haghaidh carranna a bhfuil an tástáil thar téarma acu.
-
Déanfaimid aththástáil saoir in aisce i gcás nach bhfuil lána tástála ag teastáil. Ní gá le háirithint.
-
Tá sé mar aidhm againn meántréimhse feithimh de 10 lá a bhaint amach do aththástálacha i ngach ionad NCT.
-
Déanfaimid cinnte go n-osclaíonn ár n-ionaid NCT go luath ar maidin, deireanach sa tráthnóna, agus ag an deireadh seachtaine. Féach ár n-uaireanna oscailte foilsithe ag ár n-ionaid NCT
-
Tá sé mar aidhm againn amanna scuaine ag gach ionad NCT a choinneáil faoi 15 nóiméad roimh am do choinne. Tabharfaimid tástáil shaor in aisce duit má tá an t-am scuaine roimh tús na tástála níos mó ná 65 nóiméad.
-
Tabharfaimid tuairisc tástála atá éasca a thuiscint duit agus cuirfimid aon locht ar an gcarr in iúl duit.
-
Freagróimid do do chomhfhreagras scríofa laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fuarthas é nó, mar mhalairt air sin, admhóimid go bhfuarthas an comhfhreagras laistigh de 3 lá oibre, le freagra iomlán laistigh de 10 lá oibre.
-
Cuirfimid próiseas gearáin agus achomhairc atá cothrom, éifeachtúil agus trédhearcach ar fáil duit. Ar an gcéad dul síos, labhair le maoirseoir an ionaid NCT má tá gearán agat. Má tá tú míshásta le toradh an phróisis inmheánaigh achomhairc, tá sé de cheart agat achomharc a chur chuig Bord Achomhairc Neamhspleácha an AA. Má tá tú fós míshásta leis an toradh, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an Chúirt Dúiche. Féach ar ár bpolasaí maidir le gearáin agus achomhairc le haghaidh tuilleadh eolais.
-
Tá sé mar aidhm againn ardchaighdeáin sláine tástála a chomhlíonadh. Mar sin féin, má tá aon ceisteanna agat maidir lenár gcaighdeáin tástála, molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn trínár gcainéal Eitice agus Comhlíonta ar líne. Is féidir leat a bheith cinnte go ndéantar aon fhaisnéis a fhaighimid a phróiséáil faoi rún iomlán.
-
Má chuireann NCTS áirithint réamhshocraithe ar ceal gan fógra 5 lá oibre ar a laghad a thabhairt d’úinéir na feithicle, tabharfar coinne tástála saor in aisce dó.
-
Chun príobháideachas ár bhfoirne agus ár gcustaiméirí a chosaint, ní cheadaítear gléasanna taifid d’aon sórt a úsáid, m.sh. fóin cliste, daischeamaraí, srl. laistigh d’ionaid NCT.