Scéim Trádála NCTS

Ó tugadh isteach an NCT in 2000, is iomaí athrú atá tagtha ar an mótarthionscal in Éirinn. Is maith mar a thuigeann NCTS an gá atá ag lucht trádála áirithintí NCT a dhéanamh ar ghearrfhógra, agus san am atá caite rinneamar iarracht i gcónaí éascú don lucht trádála, rud a fhágann go bhfuil dea-chaidreamh idir an lucht trádála agus an t-ionad áitiúil NCT anois.

Agus an méid sin ar intinn againn, rinneamar forbairt ar an scéim trádála NCTS le haghaidh an lucht trádála seo a leanas: Príomhdhíoltóirí agus garáistí neamhspleácha.

Conas a chláróidh mé i gcomhair na scéime?

Cad í Scéim Trádála NCTS?

Eiseoidh NCTS siogairlíní eochrach ar a bhfuil barrachóid (cosúil le cinn a bhíonn ag na hollmhargaí móra) do gach ball trádála a chláróidh le haghaidh na scéime. Is féidir na siogairlíní sin a scanadh sna hionaid tástála in ionad aitheantais agus dearbhú sínithe a chur i láthair, rud a chuirfidh dlús faoin bpróiseas do lucht trádála agus don NCTS.

 

Is scéim dheonach í agus tá roinnt buntáistí i gceist léi don lucht trádála.

Próiseas seiceála isteach atá tapa, éasca, gan aon ghá aitheantas a thabhairt ar aird mar go bhfuil do shonraí sábháilte cheana

 Faigh nuashonruithe rialta maidir leis na critéir tástála faoin NCT agus sonraí eile NCT a cheapaimid a bheidh úsáideach.

Ráiteas míosúil gníomhaíochta le miondealú iomlán ar na feithiclí a ndearnadh cigireacht orthu.

An fhéidearthacht amach anseo go gcuirfí thú ar an eolas faoi chealú nó faoi choinní atá ar fáil san ionad is gaire duit.

Mar sin, cén fáth nach mbainfeá triail as an scéim?

Is féidir leat clárú leis an scéim Trádála NCT inniu