Déan teagmháil linn
NÁ DÉAN DEARMAD – Más mian leat coinne a dhéanamh don TNG, téigh go dtí ár n-áirithintí ar líne, trínar féidir leat ionad tástála, am agus dáta a oireann duit féin a roghnú.
B'fhéidir gur mhaith leat féachaint ar rannóg na gCeisteanna Coitianta ar dtús, ós rud é go bhféadfadh freagra do cheiste a bheith ansin cheana féin.
Féach ar amanna oscailte agus dúnta an ionaid NCTS i do cheantar féin.
TNG – CUIR IN ÁIRITHE ANOIS
Chun coinne a dheimhniú, a chur ar ceal, a athshocrú nó a dhéanamh:
Teileafón: 014135992 (Luan–Déardaoin idir 8r.n. agus 8i.n., Dé hAoine idir 8r.n. agus 6i.n.)
Ríomhphost: bookings@ncts.ie
CCF – CUIR IN ÁIRITHE ANOIS
ar an Teileafón: 01-4135975
Seirbhís do Chustaiméirí
Má tá tú míshásta le haon ghné den tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán agus más mian leat gearán a dhéanamh, téigh i dteagmháil lenár bhfoireann Seirbhíse do Chustaiméirí chun foirm ghearáin a iarraidh.
Teileafón: 014135994 (Luan – Aoine: 9r.n – 4i.n.)
Ríomhphost: info@ncts.ie
Ceisteanna
Mura bhfuil tú in ann freagra a fháil do do cheist ar an leathanach ceisteanna coitianta téigh i dteagmháil le ball ár bhFoirne Ceisteanna Custaiméara. Beidh siad sásta freagra a thabhairt d’aon ceist atá agat maidir leis an Tástáil Náisiúnta Carranna.
Fón: 014135994 - (Dé Luain - Dé hAoine: 9r.n. - 4i.n.)
Ríomhphost: info@ncts.ie
Gné thábhachtach den Tástáil Náisiúnta Gluaisteán is ea sláine. má bhraitheann tú go bhfuil sláine na seirbhíse curtha i gcontúirt nó má theastaíonn uait sárú féideartha ar ár gcód Eitice nó rialacháin eile a thuairisciú, cuir isteach é le do thoil ag baint úsáide as ár gcainéal Eitice agus Comhlíonta ar líne.
Tá NCTS ag plé leis an Mótarthionscal ó bunaíodh í thiar sa bhliain 2000. Tá an-chuid feabhsuithe déanta ar an TNG le blianta beaga anuas, a bhuí le faisnéis theicniúil a fuaireamar ón mótarthionscal. Is mian linn leanúint ar aghaidh ag cothú agus ag spreagadh tuilleadh cumarsáide le lucht trádála, agus cloí leis an mbeartas iontrála oscailte atá i bhfeidhm cheana féin ag na hionaid tástála áitiúla.
Dá bhrí sin, tá NCTS ag tabhairt cuireadh d'aon gharáistí ar mian leo cuairt a thabhairt ar an ionad tástála áitiúil chun ábhair éagsúla a phlé, amhail an próiseas tástála, fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith acu le múnlaí áirithe gluaisteán nó fiú chun do threalamh a thagarmharcáil i gcoinne threalamh an ionaid tástála.
Más mian leat cruinniú neamhfhoirmiúil a eagrú le d'ionad áitiúil, déan teagmháil linn ag on tradeenquiries@ncts.ie . Fág d'ainm, d'uimhir theileafóin agus ainm do gharáiste le do thoil agus beidh ball foirne dár gcuid i dteagmháil leat chun an t-am is áisiúla duit a shocrú.
Más mian leat teachtaireachtaí a fháil ó NCTS déan teagmháil linn le do thoil lena chinntiú go bhfuil ainm do gharáiste ar an liosta seachadta ríomhphoist atá againn.
Déanann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre teagmháil le sampla custaiméirí chun taighde a dhéanamh ar sheirbhís do chustaiméirí. Mura mian leat go ndéanfaí teagmháil leat chun tabhairt faoi thaighde ar sheirbhís do chustaiméirí, seol d'ainm agus do sheoladh le do thoil chuig: surveyoptout@rsa.ie agus ní chuirfear d'ainm san áireamh in aon suirbhéanna amach anseo.