Applus Careers

Cén fáth ar cheart dom oibriú d’Applus?

Tá saineolas ag an ngrúpa Applus i réimsí ar nós tástáil, fíorú agus deimhniú do chomhlachtaí ar fud an domhain, ó shábháilteacht feithicle agus innealtóireacht go dtí tástáil is forbairt táirge.


Is í an acmhainn níos tábhachtaí atá againn ná ár bhfostaithe - fostaíonn Applus suas le 19000 duine ar fud an domhain.  Admhaíonn an comhlacht gur trí iarrachtaí, tiomantas, dílseacht & comhoibriú na bhfostaithe a leanfaidh an Comhlacht ar aghaidh ag oibriú ar na caighdeáin is airde.


In 2009 fuair Applus an conradh gnó tástála carranna ar feadh tréimhse deich mbliana in Éirinn agus ina dhiaidh sin dhaingnigh sé arís é in 2020 ar feadh 10 mbliana eile. Tá 800+ ball foirne fostaithe againn ar an meán ar fud na tíre. Bhí gréasán mór foirne ag teastáil ón ngnó tástála, Bainistíocht & Oibríochtaí san áireamh. Tá 50 ionad tástála in Éirinn faoi láthair atá á mbainistiú go príomha ag foireann de 5 Bhainisteoir Ionaid Tástála Réigiúnacha & 8..


Chomh maith leis an tionscal tástála carranna, fuair Applus 6 conradh eile in Éirinn idir 2010 agus 2014. Áirítear leis na conarthaí breise seo: sábháilteacht feithicle, clárú & fíorú feithicle, cigireachtaí & cumarsáid faoi shábháilteacht ar bhóithre le pobail áitiúla.


Tá Applus ag iarraidh go mbíonn tú ar do shuaimhneas iomlán ag an obair, agus táimid bródúil gur fostóir comhdheiseanna muid, le haghaidh iarrthóirí inmheánacha agus seachtracha araon.  Is gné bhunúsach í an comharbas freisin chun ár bhfostaithe a choinneáil linn.


Tairgimid rátaí iomaíocha pá d’iarrthóirí rathúla, mar aon le buntáistí eile, mar shampla ranníocaíocht pinsin fostóirí, clár cúnaimh d’fhostaithe agus go leor eile.

Cuir in Áirithe nó Bainistigh an TNG